Fáilte curtha ag Emma Mhic Mhathúna roimh chinneadh Ardstiúrthóir an HSE éirí as

Dúirt Emma Mhic Mhathúna gur údar áthais di an scéala go raibh Tony O’Brien chun éirí as inniu

Fáilte curtha ag Emma Mhic Mhathúna roimh chinneadh Ardstiúrthóir an HSE éirí as

Tá fáilte curtha ag Emma Mhic Mhathúna,  duine de na mná ar tugadh torthaí tástála ailse míchearta dóibh, roimh chinneadh Ardstiúrthóir an HSE Tony O’Brien go bhfuil faoi éirí as a chúram tráthnóna i bhfianaise an scannail CervicalCheck.

Tá cás Emma Mhic Mhathúna, a bhfuil cónaí uirthi i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas ó cuireadh faoi agallamh í ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt seo caite.

Dúirt Emma Mhic Mhathúna gur údar áthais di an scéala go raibh O’Brien chun éirí as inniu.

“Níl aon insint ar an áthas atá orm. Léiríonn sé go bhfuil muintir na hÉireann go hiontach nuair a sheasaimid le chéile, agus nach féidir linn ach oiread áirithe a sheasamh,” a dúirt sí.

Dúirt Vicky Phelan as Luimneach arbh é a cás cúirte san Ard-Chúirt ba chúis le nochtadh an scannail “gur bua beag do mhná” a bhí i gcinneadh O’Brien agus gur dóigh léi go mbeidh a thuilleadh daoine ag “cailliúint a bpostanna”.

Tá brú á chur ar Tony O’Brien éirí as i bhfianaise scannal na dtástálacha ailse le roinnt seachtainí anuas agus mhéadaigh ar an mbrú sin inné nuair a tháinig sé chun solais gur chuir an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála in iúl d’Ardstiúrthóir an HSE i Márta 2016 go raibh an baol ann go ndéarfadh mná leis na meáin nár aimsigh an scagthástáil an ailse a bhí orthu.

Cuireadh fainic i meamraim a ullmhaíodh d’Ardstiúrthóir an HSE i Márta 2016 faoina bhféadfadh tarlú nuair a gheobhadh mná scéal óna ndochtúirí faoin iniúchadh a bhí déanta ar chásanna scagthástála ailse.

Deirtear i gceann de na meamraim a chonaic Ardstiúrthóir an HSE, Tony O’Brien, i Márta 2016, nach mbíonn aon tástáil cheirbheacsach 100% cruinn agus fiú sa chás go bhfaigheadh bean toradh a léireodh nach raibh baol ailse i mbéal na broinne uirthi nárbh aon bharántas é nach mbuailfeadh ailse í ina dhiaidh sin.

Deirtear sa mheamram gur chuir CervicalCheck tús le próiseas iniúchta faoi thástálacha ailse in 2010 agus go raibh siad beagnach réidh an uair sin – i Márta 2016 – le dul i dteagmháil leis na mná a fuair torthaí agus ar tháinig ailse i mbéal na broinne orthu ina dhiaidh sin.

Cuirtear fainic sa mheamram ar a bhféadfadh tarlú nuair a gheobhadh na mná an scéal óna ndochtúirí: “Bíonn an baol ann i gcónaí go bhféadfadh na hothair a dtabharfadh a ndochtúir an drochscéal seo dóibh an scéal a thabhairt do na meáin agus iad ag rá ‘níor aimsigh an scagthástáil an ailse a bhí ormsa’.”

Sna meamraim leagtar amach na céimeanna cuí ba chóir don HSE a ghlacadh:

  • ‘Ná seol aon litir eile go fóill’
  • ‘Fan le comhairle na ndlíodóirí’
  • ‘Déan cinneadh faoi ord agus líon na litreacha chun aon riosca a laghdú’
  • ‘Lean ar aghaidh ag ullmhú ráitis a thabharfaí mar fhreagra ar cheannlínte sna meáin a deir ‘níor aimsigh an scagthástáil an ailse a bhí ormsa’’

Dúirt Ardstiúrthóir an HSE, Tony O’Brien, go bhfaca sé na meamraim in 2016 ach nár taibhsíodh dó ag an am gur údar imní mór a bhí ann.

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Emma Mhic Mhathúna roimh chinneadh Ardstiúrthóir an HSE éirí as'

  • Seán Mac Gearailt

    Trua nach bhfuil leithéidí Emma agus Vicky sa Dáil in ionad na n-óinseach atá ann. Tá roinnt de na fir níos measa ná iad , más féidir sin.