Trinny Woodall ón gclár teilifíse ‘What Not to Wear’ fillte ar shaol na háilleachta

Branda nua smididh seolta ag an réalta teilifíse faoi teideal Trinny London

Trinny Woodall ón gclár teilifíse ‘What Not to Wear’ fillte ar shaol na háilleachta

Is dócha gur beag duine d’aois áirithe nach cuimhin leis an gúrú faisin Trinny Woodall a bhíodh mar chomhláithreoir lena cara Susannah Constantine ar an gclár teilifíse de chuid BBC ‘What Not to Wear’ i mblianta tosaigh na mílaoise seo.

Tá Trinny Woodall ar ais i saol na háilleachta anois ach is i mbun smididh seachas cúrsaí éadaigh atá sí an uair seo.

Sheol sí a branda féin smididh faoin teideal Trinny London i nDeireadh Fómhair 2017 agus tá a cuid táirgí curtha ar díol anois sa tír seo den chéad uair ag Brown Thomas.

Níl amhras ar bith ach gur ‘réalta’ teilifíse a bhí i Trinny Woodall agus meastar go bhfaca os cionn 30 milliún duine na cláracha sa tsraith ‘What Not to Wear’. Taifeadadh leaganacha den chlár  teilifíse sin san Iorua, sa tSualainn, in Iosrael, sa Danmhairg, san Astráil, san India, san Ísiltír, sa Pholainn agus i Meiriceá.  Nua-mhaisiú ó bhun a dhéanamh ar an rogha éadaigh a bhíodh ar mhná a bhíodh mar théama sna cláracha. 

Bhí cáil an ionracais agus na macántachta ar Trinny Woodall agus níor nós léi fiacail a chur ann. A bhuíochas don lucht leanúna mór a bhailigh sí ar na meáin shóisialta, YouTube agus Instagram go háirithe, bhí sé éasca go maith aici borradh a chur faoin mbranda smididh Trinny London.

Bhíodh sí fírinneach riamh fúithi féin maidir le húsáid botox, faoi lorg na haicne ar a craiceann, agus faoi na táirgí a cheap sí a bheith gan mhaith.

D’fhorbair sí a cuid smididh de bharr oiread taistil a bheith ar bun aici. Ba nós léi blúiríní beaga smididh a mheascadh i dtobáin le tabhairt léi ar thurais thar lear. Is i dtobáin bheaga a nascann go héasca le chéile atá táirgí Trinny London ar fáil.

Uachtar seachas púdar a úsáideann sí mar bhunús don smideadh mar go gcreideann sí gur fearr i bhfad é sin mar chomhábhar. Tá rogha leathan dathanna ar fáil aici atá feiliúnach do gach dath craicinn.

Ar líne is mó a dhíoltar na táirgí seo ach bhí siopa ‘pop-up’ i Brown Thomas nuair a seoladh an branda anseo.

Tá deis curtha ar fáil ag Trinny London i rannóg ar an suíomh gréasáin le gur féidir le duine an dath atá díreach ceart dá smideadh féin a aimsiú. Baineadh úsáid as taighde ar chraiceann 3,000 bean sa rannóg sin ar a dtugtar ‘match2me’ agus nuair a chuirtear mioneolas faoi chraiceann, dath súl, dath gruaige agus eile sa rannóg sin den suíomh tugtar moltaí faoin smideadh a bheadh feiliúnach don duine sin.

Má tá fonn ort roinnt de na hearraí smididh a thástáil ó Trinny London mholfainn féin na trí cinn seo: BFF cream (€42), Lip2Cheek (€30) agus Eye2Eye (€21.50).

Fág freagra ar 'Trinny Woodall ón gclár teilifíse ‘What Not to Wear’ fillte ar shaol na háilleachta'