98 cás nua den choróinvíreas fógartha agus ocht gcinn acu i gCiarraí

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu bás amháin eile de dheasca Covid-19 agus dheimhnigh go rabhthas tagtha ar 61 cás eile le lá anuas

98 cás nua den choróinvíreas fógartha agus ocht gcinn acu i gCiarraí

Tá 98 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna, ocht gcinn acu i gCiarraí.

Ní raibh aon bhás eile de thoradh an ghalair le fógairt acu.

B’ionann líon na gcásanna nua i gCiarraí agus an t-ardú is mó in aon lá amháin sa chontae le roinnt míonna anuas.

Cuireadh daltaí abhaile ó bhunscoil agus iarbhunscoil ar an mbaile céanna i gCiarraí inné nuair a thángthas ar chásanna de Covid-19 i measc na ndaltaí

Bhain 24 cás nua inniu le Baile Átha Cliath, 13 cás a bhí i gCill Dara, sé chás a bhí gCill Chainnigh, sé chás a bhí i Luimneach, sé chás a bhí i gcontae an Lú agus cúig chás eile a bhí i dTiobraid Árann.
Bhain an 30 cás eile le 12 contae eile, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, An Mhí agus Port Láirge ina measc.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 42% de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu.

Bhain naoi gcás nua inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 66% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu bás amháin eile de dheasca Covid-19 agus dheimhnigh go rabhthas tagtha ar 61 cás eile le lá anuas.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach, 873 duine a bhí básaithe de dheasca Covid-19 ó thuaidh faoin 28 Lúnasa, os cionn 300 níos mó ná mar a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Tá 2,341 duine ar a laghad básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,777 duine ó dheas den teorainn agus 564 duine ó thuaidh di.

36,806 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte, 29,303 cás ó dheas agus 7,503 ó thuaidh.

Idir an dá linn, tá Maitiú Ó Tuathail, an dochtúir aitheanta as Gaeltacht Chonamara agus iaruachtarán ar Chumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh, ar dhuine de scata dochtúirí atá ag éileamh go gcuirfí deireadh le fógairt líon na gcásanna de Covid-19 gach lá.

Dúirt an Dr Ó Tuathail nach raibh aon ‘bhrí’ le tuairisciú líon na gcásanna mar go mbíonn siad ag ardú lá amháin agus ag titim an chéad lá eile agus gurb amhlaidh go gcuireann a leithéid imní ar an bpobal.

Dúirt an Dr Ó Tuathail go mbíonn an go gcuireann foilsiú na bhfigiúirí is déanaí mothúcháin daoine trí chéile ar fad. Mhaigh sé go mbíonn daoine ag dul le báiní nuair a bhíonn líon ard cásanna ann agus go mbíonn siad réchúiseach nuair nach mbíonn oiread sin cásanna ann..

Dar le Ó Tuathail agus roinnt dochtúirí eile gurbh leor aon phreasocáid chuimsitheach amháin sa tseachtain chun an t-eolas is déanaí faoin bpaindéim a thabhairt don phobal.

D’fhógair an Rialtas inniu gur €2.9 billiún a chosnaigh an scéim fóirdheontais pá a tugadh isteach ar bhonn sealadach le cabhrú le daoine a bhí buailte ag an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí. Mhair an scéim, faoinar íocadh fóirdheontais pá le fostóirí, ón 26 Márta go dtí an 31 Lúnasa.

Bhain 663,100 fostaí leas as an scéim.

D’fhógair an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) inniu nach gá do scoileanna tástálacha a teochta ná scagthástáil do shiomtóim a dhéanamh. Dúradh chomh maith nár chóir do scoileanna cinneadh a dhéanamh dúnadh mar gheall ar chás de Covid-19 gan dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte.

Fág freagra ar '98 cás nua den choróinvíreas fógartha agus ocht gcinn acu i gCiarraí'