892 cás nua den víreas fógartha, an líon is lú aon lá ó lár mhí Iúil

1,080 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

892 cás nua den víreas fógartha, an líon is lú aon lá ó lár mhí Iúil

Tá 892 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

333 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, le hais 319 inné, agus bhí 64 acusan in aonad dianchúraim, ardú ó 60 inné.

Seo an chéad uair ó lár mhí Iúil go raibh níos lú ná 1,000 cás nua den ghalar le fógairt ag an Roinn Sláinte.

1,080 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,570 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

338 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, le hais 342 Dé hAoine, agus tá 37 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná Dé hAoine.

Fág freagra ar '892 cás nua den víreas fógartha, an líon is lú aon lá ó lár mhí Iúil'