767 cás nua fógartha, imní ar NPHET nach bhfuil titim chomh mór i mBaile Átha Cliath le hais an chuid eile den tír

Dúirt an Dr Tony Holohan gur údar imní dóibh chomh maith go raibh ráta an ghalair ag ardú i measc daoine os cionn 65 bliain d'aois, cé go raibh an ráta ag titim ar an iomlán

767 cás nua fógartha, imní ar NPHET nach bhfuil titim chomh mór i mBaile Átha Cliath le hais an chuid eile den tír

Dr Tony Holohan. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie


Tá 767 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Beirt eile atá tar éis bháis de dheasca an ghalair.

Cé go bhfuil ráta an ghalair fós ag titim agus gan lorg na srianta Leibhéal 5 le feiceáil fós, dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan gur údar imní é do NPHET nach raibh an laghdú céanna tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 i mBaile Átha Cliath is atá sa chuid eile den tír.

Dúirt sé freisin gur údar imní dóibh go raibh ráta an ghalair ag méadú i measc daoine atá os cionn 65 bliain d’aois, cé go raibh an ráta ag titim ar an iomlán.

Bhain 321 den 767 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Bhí 84 de chásanna an lae inniu i gCorcaigh, 47 cás nua a bhí i gcontae na Mí agus 23 cás a bhí i nGaillimh. 21 cás nua a bhí i nDún na nGall, 15 cás a bhí i gCiarraí, 13 cás a bhí i bPort Láirge agus 10 gcás nua a bhí i Maigh Eo.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 248 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír.

Ráta coicíse 483 atá i gcontae na Mí,  310 an ráta sin i nDún na nGall, 283 i nGaillimh agus 278 i gCorcaigh.

Tá an ráta coicíse anois ag 230 i Maigh Eo, 201 i bPort Láirge agus 200 i gCiarraí.

322 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 44 acusan in aonad dianchúraim.

Léirítear i dtuarascáil nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh, go bhfuair idir 876 agus 1,192 níos mó daoine bás idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair ná mar a bheifí ag súil leis de ghnáth.

Básmhaireacht bhreise nó ráta báis níos airde an téarma a úsáideann lucht sláinte phoiblí nuair a bhíonn líon na marbh i dtréimhse ar leith níos airde ná an meán ag an tráth sin bliana.

Tá na figiúirí is déanaí bunaithe ar anailís a rinneadh ar na fógraí báis ar an suíomh gréasáin RIP.ie.

Deirtear sa tuarascáil nach léir go raibh aon ardú ar líon na marbh de bharr an Covid-19 i mí Mheán Fómhair tráth a bhfuair 2,353 duine bás, thart ar an líon céanna a bhásaigh an mhí sin blianta eile.

San Aibreán ba mhó a bhí an ráta báis as cor le blianta eile nuair a fógraíodh bás 3,502 duine ar fad, 641 níos mó ná in 2019.

Níos luaithe inniu, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 493 cás nua deimhnithe ansin agus go raibh ochtar eile a raibh an víreas orthu básaithe.

379 othar a bhfuil an víreas orthu atá sna hospidéil ó thuaidh den teorainn agus tá 52 díobhsan in aonad dianchúraim.

Bhí 94% de na leapacha ansin lán inniu.

2,631 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 724 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,917 ó dheas di.

102,359 cás den ghalar atá deimhnithe sa tír go dtí seo, 62,750 ó dheas agus 39,609 ó thuaidh.

Tá sé ráite ag an gCéad-Aire, Arlene Foster, go scaoilfear na srianta atá i bhfeidhm ansin, an scoradán ciorcaid mar a thugtar orthu, ar an 13 Samhain d’ainneoin imní a bheith léirithe ag an bpríomhchomhairleor leighis, Michael McBride.

Dúirt McBride inniu nach bhféadfaí an ráta R a choinneáil faoi 1 má bhíonn na scoileanna agus earnáil an fháilteachais araon oscailte. Bhí sé ráite roimhe seo ag an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go ndéanfaí athbhreithniú ar na srianta níos gaire don am ach dúirt Arlene Foster go scaoilfí iad.

“Ní féidir linn a bheith ag tosú agus ag stopadh na heacnamaíochta,” a dúirt sí ar Good Morning Ulster ar an BBC. Dúirt an Chéad-Aire go rabhthas ag obair le hearnálacha éagsúla ar mhaithe le bearta an Covid-19 a fheabhsú. D’iarr sí go bhfiosródh na póilíní an mhoill a bhí ar aisíoc na n-íocaíochtaí Covid-19.

Ag an deireadh seachtaine, d’éirigh an Comhalta Tionóil Catherine Kelly as a post de bharr go raibh moill ar a páirtí íocaíochtaí Covid-19 nach raibh dlite dó a aisíoc. Is í Kelly an ceathrú ball de chuid Shinn Féin a d’éirigh as de bharr nár íocadh go gasta deontais £10,000 a tugadh don pháirtí go hearráideach.

Fág freagra ar '767 cás nua fógartha, imní ar NPHET nach bhfuil titim chomh mór i mBaile Átha Cliath le hais an chuid eile den tír'