Ceapann 75% den phobal gur cheart go mbeadh Gaeilge líofa ag aon aire atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, d’aontaigh triúr as gach ceathrar sa stát gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta orthu.
Ní raibh Catherine Martin, a bhfuil Gaeilge aici, ceaptha ina Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt, Cultúir agus Gaeltachta nuair a cuireadh an cheist in 2020, ach bhain conspóid le ceapachán airí Gaeltachta le roinnt blianta anuas.
Ní raibh Gaeilge ar bith ag Josepha Madigan ná ag Heather Humphries nuair a bhí siadsan ina n-airí sinsearacha agus cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta orthu.
In 2014, cheap Enda Kenny Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta cé nach raibh aon Ghaeilge ag McHugh.
Léiríodh amhras faoi chumas teanga an aire stáit atá sa roinn faoi láthair, Jack Chambers, nuair a ceapadh ar dtús é i rith an tsamhraidh.
Ag titim de bheagán atá céatadán na ndaoine a deir gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta orthu.
Cuireadh an cheist chéanna mar chuid de phobalbhreith Chonradh na Gaeilge in 2017 agus 81% den phobal a dúirt an tráth sin gur cheart go mbeadh aire sinsearach na Gaeltachta líofa sa Ghaeilge.
Cuireadh ceist freisin i bpobalbhreith 2020 maidir le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus dúirt formhór acu siúd a ceistíodh gur cheart go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil ó pholaiteoirí.
Dúirt beagán os cionn aon trian de dhaoine, 35%, gur chóir tuilleadh díospóireachtaí a reáchtáil i nGaeilge sa Dáil agus sa Seanad.
Dúirt 33% nár cheap siad gur chóir go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil i dTithe an Oireachtais agus dúirt 32% nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.
Léirigh anailís de chuid Tuairisc.ie in 2018 nach raibh ach 0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge.
Bríd
Ná habair gur teip eile é seo don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta….Go bhFóire Dia orainn……Cad a dhéanfas lucht chur i gcéill na teanga anois?
Mánus
Ba chóir don Stát,
ba ceart don Stát,
ba chóir don Stát,
ba ceart,don Stát,
ba chóir…..
Níl an Státchóras ar son na Gaeilge. Tá sin cruthaithe le fada. Déan anailís SWOT ar thodhchai na Gaeilge mar theanga phobail agus is éasca a fheiceáil gur deis mór í an ghéarchéím tithíochta chun comharchumann tithíochta LánGhaeilge a bhunú i mbaile mór éigin. Teastaíonn fiontraithe óga agus gréasán daoine oilte chun comharchumainn tithíochta LánGhaelacha a bhunú.
Paul Laughlin
Measaim gur cheart go mbeadh Gaeilge líofa ag gach uile TD!
Mairéad
Narbh fhearr a rá “ní mór go mbeadh” seachas “gur ceart go mbeadh”.
Ró-radacach don “ghluaiseacht ar strae” is dócha.