70% de náisiúnaithe ag tacú le seasamh Shinn Féin gan filleadh ar Stormont gan Acht Gaeilge

De réir pobalbhreith nua thug 68.2% de náisiúnaithe le fios gur aontaigh siad le seasamh Shinn Féin gan filleadh ar an bhfeidhmeannas mura ngéilltear don éileamh ar reachtaíocht teanga don Ghaeilge

70% de náisiúnaithe ag tacú le seasamh Shinn Féin gan filleadh ar Stormont gan Acht Gaeilge

Tacaíonn duine as gach seachtar de lucht vótála na náisiúnach le diúltú Shinn Féin d’athbhunú Stormont d’uireasa Acht teanga don Ghaeilge amháin.

Thug 68.2% de náisiúnaithe a ghlac páirt i bpobalbhreith de chuid an chomhlachta LucidTalk le fios gur aontaigh siad le seasamh Shinn Féin gan filleadh ar an bhfeidhmeannas mura ngéilltear don éileamh ar reachtaíocht teanga don Ghaeilge.

Thug 65.6% de lucht tacaíochta an DUP le fios go raibh siad ‘go mór an aghaidh’ éileamh Shinn Féin.

Thug 22.3% de lucht tacaíochta na bpáirtithe náisiúnacha le fios gur cheart do Shinn Féin filleadh ar an bhfeidhmeannas chun fuascailt na faidhbe a fháil.

Dúirt urlabhraí ó LucidTalk gur ar éigean a d’athródh aon pháirtí polasaí dá gcuid nuair atá os cionn 10% dá lucht tacaíochta ‘go mór’ ina choinne sin.

Léirigh pobalbhreith a rinne Social Market Research Belfast ar son Chomhairle Taighde Eacnamaíoch agus Sóisialta an Tuaiscirt roimhe seo gur duine as gach triúr de phobal an Tuaiscirt a chreideann gur cheart go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach.

De réir na pobalbhreithe sin, a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, thug 33.8% de mhuintir an Tuaiscirt le fios gur aontaigh nó gur aontaigh siad go láidir leis an áitiú gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

27.9% de rannpháirtithe na pobalbhreithe, a rinneadh i measc 1,200 duine de gach aois ar fud an Tuaiscirt, a d’easaontaigh nó a d’easaontaigh go láidir leis an áitiú.

Ní raibh aon tuairim láidir faoin scéal ag 19% de na daoine a ceistíodh, agus thug siad le fios nár aontaigh nó nár easaontaigh siad leis an áitiú. Dúirt 18.2% nach raibh aon tuairim ar chor ar bith acu faoin scéal.

Dhiúltaigh 1.1% de na daoine a ceistíodh faoi Acht Gaeilge ó thuaidh an cheist a fhreagairt.

Duine as gach deichniúr de lucht tacaíochta an DUP a bhí ag iarraidh go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge ó thuaidh, de réir na pobalbhreithe.