683 cás nua den choróinvíreas fógartha, 18 duine eile básaithe

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an Covid-19 le fógairt sa Tuaisceart inniu

683 cás nua den choróinvíreas fógartha, 18 duine eile básaithe

Tá 18 duine eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

Bhain sé cinn de na básanna a fógraíodh inniu le mí an Mhárta, bhásaigh seachtar an mhí seo caite agus bhásaigh cúigear eile mí Eanáir.

683 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

329 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 76 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 18 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 495,824 duine agus an dara dáileog faighte ag 184,191 duine.

Bhain 68 den 683 cás den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna le Dún na nGall.

35 cás a bhí i gcontae na Mí, 24 cás a bhí sa Ghaillimh, 14 cás a bhí i gCorcaigh agus 11 cás a bhí i Maigh Eo. 

Seacht gcás a bhí i gCiarraí agus níos lú ná cúig chás a bhain le Port Láirge.

Meánráta 159 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an ráta i nDún na nGall (247) agus i gcontae na Mí (225) níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ráta 140 atá i nGaillimh, 136 atá i bPort Láirge,  agus 60 atá i Maigh Eo. Ráta 49 atá i gCiarraí agus 43 atá i gCorcaigh, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu nach raibh aon duine eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe le lá anuas. 

Deimhníodh 139 cás nua den ghalar. 154 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 14 díobhsan in aonaid dianchúraim.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 694,863 duine ó thuaidh agus an dara dáileog faighte ag 96,254 duine.

6,735 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,107 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,628 duine ó dheas di.

348,496 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 232,164 cás ó dheas den teorainn agus 116,332 cás ó thuaidh di.

Tá sé fógartha ag an Aontas Eorpach go ndéanfaidh siad níos déine na rialacha maidir le heaspórtáil vacsaíní a dhéantar san Aontas.

Faoi na rialacha nua d’fhéadfaí cosc a chur ar easpórtáil vacsaíní Covid-19 chuig tíortha ina bhfuil go leor daoine vacsaínithe cheana nó chuig tíortha a chuireann srian iad féin le heaspórtáil vacsaíní.

Rinneadh an fógra i ndiaidh roinnt seachtainí moilleadóireachta sa seachadadh agus ganntanas vacsaíní dá bharr, go háirithe i gcás an chomhlachta AstraZeneca.

Dúirt Valdis Dombrovskis, leasuachtarán de chuid an Choimsiúin Eorpaigh, go raibh na rialacha á n-athrú chun “a chinntiú go bhfaigheann ár bpobal féin” vacsaín.

Dúirt sé nach raibh an t-athbhreithniú dírithe ar aon tír ar leith ach meastar go mbeidh impleachtaí ag an gcinneadh don Ríocht Aontaithe.

Dúirt Dombrovskis go raibh sé “soiléir” go gcaithfeadh an tAE a chinntiú go bhfaigheadh pobal an Aontais an tsnáthaid.

Dúirt sé go raibh 10 milliún dáileog den vacsaín seolta ag an AE chuig an Ríocht Aontaithe, ach nach raibh oiread is dáileog amháin tagtha an treo eile.

“Tá sé soiléir go gcaithfimid féachaint ar ghnéithe den chomhar agus den chomhréireacht.”

Fág freagra ar '683 cás nua den choróinvíreas fógartha, 18 duine eile básaithe'