67 nóiméad a mhair an eachtra féindochair, ach níor tháinig éinne in aon ghaobhar dó…

Léiríonn an fhaillí i gcás Sean Lynch, príosúnach a raibh meabhairghalar ag dul dó i Maigh gCabraí, go bhfuil go leor le foghlaim fós faoi conas déileáil lena leithéid

67 nóiméad a mhair an eachtra féindochair, ach níor tháinig éinne in aon ghaobhar dó…

Bhí oifigigh phríosúin i Maigh gCabraí ag faire ar fhíseán ó cheamara ina chillín agus príosúnach á dhalladh féin. Sin í an cheannlíne scanrúil a bhí le baint as tuarascáil a d’eisigh Ombudsman na bPríosúnach i dTuaisceart Éireann an tseachtain seo. Níl amharc ag Seán Lynch anois i gceachtar den dá shúil de bharr an dreas féinghortaithe sin. Dúirt a mhuintir go ndearna na húdaráis mórfhaillí ina ndualgas.

Fear óg as Doire ab ea Lynch a bhí i dtrioblóid go minic i ngeall ar ionsaithe ó theip ar a mheabhairshláinte de bharr alcóil agus drugaí eile. Bhí sé ar a choinneáil i Maigh gCabraí dhá bhliain ó shin nuair a tharla an t-uafás a d’fhiosraigh an tOmbudsman.

Mhair an dreas féinghortaithe seo ar feadh breis agus uair an chloig, nuair a chuir sé a mhéara faoina shúile, chomh maith lena bhléin a ghearradh.

Bhí oifigigh ag faire air ó am go chéile agus chuaigh oifigeach ag doras a chillín le breathnú isteach cúpla uair i gcaitheamh an 67 nóiméad, a mhair an eachtra. Ach ní dheachaigh éinne ina ghaobhar chun an féindochar a stop nó é a cheansú.

Chinn an tOmbudsman, Tom McGonigle go raibh sé thar a bheith suntasach gur mheas buíon d’oifigigh phríosúin, duine sinsearach ina measc, nach raibh sé riachtanach ná cuí a dhul isteach sa chillín chun stop a chur leis an bhféindochar. Chloígh an fhoireann leis an sainmhíniú ba chúinge ar na rialacha a deir go gcaithfear idirghabháil a dhéanamh má tá beatha an phríosúnaigh i mbaol, a dúirt McGonigle. Mheas an fhoireann nach raibh Lynch i mbaol báis agus níor mhian leo a dhul sa seans go n-ionsódh sé iad. Ba é barúil an Ombudsman gur mhó aird a bhí ag na hoifigigh ar imní, gan bhunús, faoi shlándáil ná ar a ndualgas cúraim.

Liosta le háireamh iad na lochtanna a fuair an tOmbudsman ar fhoireann an phríosúin as éagumas nó easpa dúthrachta ag déileáil le príosúnach a raibh meabhairghalar air. Rinne sé liodán de mholtaí chun an scéal a fheabhsú ach ní mór a rá gur deineadh cuid de na moltaí céanna cheana.

Anuas ar na heasnaimh agus an laige ar an gcóras príosúin b’údar mór imní an fhianaise a bhailigh an tOmbudsman gur deineadh leithcheal in aghaidh Lynch in ospidéil toisc gur phríosúnach é. Rinneadh cinneadh in ospidéal Craigavon é a sheoladh ar ais ag an bpríosún gan scrúdú síciatrach a chur air. Níos deireanaí d’admhaigh ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste go rabhthas á scaoileadh amach tar éis obráide ar a shúile níos luaithe ná mar a dhéanfaí leis an ngnáthothar toisc gur phríosúnach é.

Is léir óna stair go raibh sé deacair Seán Lynch a láimhseáil. Bhí síocóis thromchúiseach air. Bhí sé de nós aige a bheith trodach agus d’ionsaigh sé oifigeach príosúin sular tharla an mhóreachtra féindochair. Bhí sé ag fanacht (rófhada) ar choinne le síciatraí. Bhí sé á fhaire ar eagla go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin agus go deimhin ghlaoigh duine ó eagraíocht na Samaritans ar an bpríosún chun imní faoi shábháilteacht an phríosúnaigh a chur in iúl, rud a tharlaíonn go fíorannamh.

Ta sé ionann is doshamhlaithe san aonú haois is fiche nuair a táimid in ainm a bheith oilte agus tuisceanach faoi mheabhairghalar go bhféadfadh a leithéid tarlú. Ní hamháin gur tharla ach is beag fianaise atá againn nach bhféadfadh a leithéid tarlú arís. Dúirt an tAire Cirt gur mhór an trua iad teaghlach an phríosúnaigh agus go raibh an eachtra truamhéalach. Léirigh ceannaire na seirbhíse bá freisin ach mhaígh sí go raibh an cás seo ‘thar a gcumas’. Gheall siadsan agus na seirbhísí sláinte go bhfoghlaimeofaí ceachtanna. Tá sé sin thar a bheith riachtanach ach ní hé sin amháin é.

Tá gá le scrúdú níos leithne. Ní shéanann éinne go raibh Seán Lynch ionsaitheach agus gur bhris sé dlí. Ach arb é an príosún an rogha ab fhearr chun é a láimhseáil? Ar cheart an chumhacht a bheith ag giúistis nó breitheamh a ordú go gcuirfí cóir leighis éigeantach, ar chomhairle síciatraí, nó go gcoinneofaí an ciontach in ospidéal meabhairghalair seachas i bpríosún i gcás duine a bhí chomh breoite le Lynch?

Pléitear cuid de na ceisteanna seo gach uair a chuireann príosúnach lámh ina bhás féin ach is léir nach leor freagra na haon eachtra. Tá plean cuimsitheach riachtanach.

Fág freagra ar '67 nóiméad a mhair an eachtra féindochair, ach níor tháinig éinne in aon ghaobhar dó…'

  • Seán Ó Floinn

    Is scannal í an chaoi go bhfuil daoine a bhfuil meabharghalar orthu á gcur i bpríosún. Tá sé seo ag tarlú le cúpla scór bliain anuas ón uair ar deineadh cinneadh tithe na ngealt a dhúnadh faoi anáil na hídéolaíochta ‘forásaí’ a deir nach bhfuil a leithéid de rud agus meabharghalar ann agus go gcaithfidh an tsochaí glacadh leo siúd atá ‘difriúil’. Agus feicimid an toradh atá air sin anois – gealta á gcur i bpríosún nuair is ceart iad a bheith i dteach na ngealt agus nuair a scaoiltear saor iad tá baol mó ann go rachaidh siad ar mire arís.