67% de dhaoine atá ar son scrúdú cainte a bheith ann don Teastas Sóisearach a bheadh ar an gcuma chéanna le scrúdú cainte na hArdteiste, de réir torthaí pobalbhreithe nua.
Chuir lucht oideachais fáilte roimh thorthaí na pobalbhreithe a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge.
Dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, go raibh na torthaí ag teacht lena bhfuil á éileamh ag múinteoirí Gaeilge le fada.
“Tá sé riachtanach go mbeadh scrúdú béil ann ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí agus go mbeadh aitheantas ann don obair labhartha sa ghrád deiridh a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Ní mór aitheantas ceart a thabhairt do thábhacht na teanga labhartha ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí má tá daltaí le bheith in ann an teanga a shealbhú go héifeachtach.”
Dúirt Séamas Mac Eochaidh, Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn, gur chóir go mbeadh an Ghaeilge labhartha i gcroílár na Sraithe Sóisearaí.
“Tá sé thar am luach ceart a chur ar an obair labhartha trí Churaclam na Sraithe Sóisearaí agus ní mór a chinntiú go mbeadh an t-aitheantas seo don obair labhartha sa chuntas don ghrád deiridh a fhaigheann daltaí.”
Thug 69% de rannpháirtithe phobalbhreith Chonradh na Gaeilge le fios go mb’fhearr leo córas oideachais “ionchuimsitheach” a bheadh in oiriúint do riachtanais daltaí seachas a bheith ag cur le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhíonn á cheadú.
Dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge go raibh córas na ndíolúintí imithe “as smacht”.
“Tá sé in am an córas lochtach seo a athrú. Ba cheart go mbeimis ag cumasú gach dalta leis an teanga a fhoghlaim ag leibhéal atá oiriúnach dóibh, agus ag cur fáilte roimh gach duine leis an teanga a fhoghlaim in áit daltaí a chur ó dhoras. Ní mór an córas a athrú ó bhun.”
Dúirt Séamas Mac Eochaidh, Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn, go bhfuil sé ríshoiléir go bhfuil “córas na ndíolúintí lochtach agus an córas ag imeacht as smacht bliain i ndiaidh bliana”.
“Tá gá le córas a chuireann fáilte roimh gach foghlaimeoir chuig foghlaim na Gaeilge,” ar sé.
Léirigh anailís a rinne Tuairisc anuraidh go bhfuil níos mó díolúintí ón nGaeilge á mbronnadh ar dhaltaí ná riamh. Bhí beagnach 50,000 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh a raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge acu, breis is 12% de líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile nó duine as gach ochtar díobh.
Ní bhfuair 23% de na daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge, an céatadán daltaí is airde riamh nach bhfuair toradh don Ghaeilge.
Seo an tríú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.
Fág freagra ar '67% de dhaoine ar son scrúdú cainte don tSraith Shóisearach'