Ní bhfuair 23% de na daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge, an céatadán daltaí is airde riamh nach bhfuair toradh don Ghaeilge.
Seo an tríú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.
60,839 dalta atá ag fáil a gcuid torthaí Ardteiste inniu, ach ní raibh 13,695 díobhsan cláraithe do scrúdú Gaeilge.
Ardú ón mbliain seo caite a bhí ansin nuair nach raibh 20% de na daltaí cláraithe do scrúdú Gaeilge.
55,976 dalta a fuair toradh sa Bhéarla i mbliana, nó 92% de dhaltaí. An céatadán céanna, 92%, a fuair toradh don Mhatamaitic, nó 56,024.
8,562 níos mó daltaí a fuair toradh Béarla i mbliana ná mar a fuair toradh Gaeilge agus 8,610 níos mó daltaí a fuair toradh don Mhatamaitic ná mar a fuair toradh don Ghaeilge.
De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.
Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach in 2021 a mhaígh siad a chinnteodh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta, ach tá ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ó shin.
Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine faighte acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.
Céatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don Ardteist | |
---|---|
2011 | 19% |
2012 | 19% |
2013 | 18% |
2014 | 17% |
2015 | 16% |
2016 | 16% |
2017 | 15% |
2018 | 15% |
2019 | 18% |
2020 | 18% |
2021 | 18% |
2022 | 22% |
2023 | 20% |
2024 | 23% |
I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go socraíonn daltaí nach mbeidh Gaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste.
Ina measc siúd, bíonn daltaí a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear.
Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste den dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á déanamh acu.
De réir thorthaí na hArdteiste, a foilsíodh inniu, d’éirigh le 14.1% de dhaltaí an marc is airde a fháil i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na bliana 2024, nó thart ar dhuine as gach seachtar a thug faoin scrúdú sin.
6.9% de dhaltaí a fuair grád H1 sa Bhéarla agus 12.6% a fuair an grád sin sa Mhatamaitic.
6.1% a fuair grád H1 sa Ghaeilge in 2019, an bhliain roimh thús na paindéime. Bhíodh sé níos éasca an marc is airde a fháil sa Ghaeilge ná mar a bhí sa Bhéarla ná sa Mhatamaitic an uair sin chomh maith. Cúig bliana ó shin 3% a fuair an marc is airde sa Bhéarla agus 6.4% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.
D’éirigh le breis is 34% díobh siúd a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana H1 nó H2 a fháil (marc 80% nó níos airde). 24% de dhaltaí a fuair an dá ghrád is airde sa Bhéarla agus 28% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.
Fuair 61% de dhaltaí a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge H1, H2 nó H3 (70% nó níos mó sa scrúdú). 54% de dhaltaí a fuair na trí ghrád is airde sa Bhéarla agus 28% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.
Den 23,649 dalta a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge mí an Mheithimh seo caite, d’éirigh le 18,966, nó 80% acu grád H4 nó níos airde a bhaint amach. Grád H4 (marc 60% nó níos mó) a theastaíonn sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge le cáiliú chun céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.
De réir na bhfigiúirí ceathrar as gach cúigear a rinne an scrúdú ardleibhéil a shásódh an riachtanas Gaeilge do chéim sa bhunmhúinteoireacht.
In 2019, 69.1% de dhaltaí a fuair H4 nó níos airde sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge, rud a chiallaíonn go bhfuil ardú 16% tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaltaí a bhíonn incháilithe sa Ghaeilge do chúrsa bunmhúinteoireachta.
Díreach 0.2% de dhaltaí a fuair níos lú ná 30% sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana, méadú ar ráta teipthe na bliana seo caite, 0.1%.
Beidh 60, 839 duine ag fáil torthaí na hArdteiste inniu.
Rinne an Coimisiún um Scrúduithe Stáit coigeartú i ndiaidh na marcála ar thorthaí na scrúduithe chun a chinntiú go mbeadh na gráid i gcomhréir le gráid na bliana seo caite, nós a thosaigh de barr na paindéime.
Mar sin bhí ‘boilsciú grád’ d’aon ghnó 7.5% i gceist le torthaí na bliana seo.
Beidh an chéad bhabhta tairiscintí ón CAO á fhógairt ón 2pm Dé Céadaoin, an 28 Lúnasa.
Dúirt an Coimisiún gur chóir do na daoine óga atá ag súil lena dtorthaí inniu clárú ar Thairseach Féinseirbhíse an Iarrthóra ag www.examinations.ie.
Daltaí ar mian leo iarratas a dhéanamh a scripteanna a fheiceáil, caithfidh siad dul go dtí an Tairseach idir 10am Dé Domhnaigh, an 1 Meán Fómhair agus 5pm Dé Luain, an 2 Meán Fómhair.
Beidh torthaí na n-achomharc ar fáil ar an 27 Meán Fómhair.
Tá leabhrán eolais faoi na torthaí agus an próiseas achomhairc ar fáil ar líne.
Torthaí Gaeilge na hArdteiste, H1 – H8
GAEILGE (Ardleibhéal) | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Bliain | Iomlán | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
2024 | 23649 | 14.1 | 19.9 | 23.7 | 22.5 | 14.2 | 4.6 | 0.9 | 0.2 |
2023 | 23899 | 15.4 | 21.9 | 23.8 | 21.2 | 12.9 | 4.1 | 0.7 | 0.1 |
2022 | 24441 | 12.7 | 21.0 | 23.8 | 21.9 | 14.4 | 5.2 | 0.9 | 0.2 |
2021 | 25596 | 11.9 | 21.9 | 27.5 | 22.7 | 11.2 | 3.4 | 0.6 | 0.8 |
2020 | 24725 | 9.1 | 19.8 | 27.1 | 24.6 | 13.7 | 4.8 | 0.7 | 0.2 |
2019 | 23176 | 6.1 | 17.7 | 22.3 | 23.0 | 18.2 | 9.5 | 2.8 | 0.4 |
GAEILGE (Bonnleibhéal) | |||||||||
Bliain | Iomlán | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
2024 | 2081 | 3.8 | 11 | 22.2 | 26.2 | 19.8 | 10.7 | 5.2 | 1.1 |
2023 | 2408 | 4.2 | 12.7 | 21.1 | 24.0 | 19.0 | 11.7 | 5.8 | 1.5 |
2022 | 1933 | 3.4 | 13.0 | 22.6 | 24.9 | 17.0 | 11.9 | 5.5 | 1.7 |
2021 | 1074 | 8.8 | 16.5 | 22.5 | 20.9 | 14.4 | 11.6 | 1.7 | 3.4 |
2020 | 1462 | 5.9 | 17.6 | 25.5 | 23.1 | 16.0 | 10.4 | 0.4 | 1.0 |
2019 | 2834 | 1.9 | 11.8 | 19.9 | 24.5 | 20.9 | 12.0 | 6.2 | 2.9 |
GAEILGE (Gnáthleibhéal) | |||||||||
Bliain | Iomlán | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
2024 | 21414 | 1.5 | 9.7 | 22.4 | 25.8 | 20.1 | 12.1 | 6 | 2.5 |
2023 | 22852 | 2.3 | 13.5 | 24.6 | 25.4 | 18.3 | 9.7 | 4.3 | 1.8 |
2022 | 23520 | 1.0 | 10.6 | 26.3 | 28.9 | 19.3 | 8.7 | 3.4 | 1.9 |
2021 | 23301 | 3.0 | 11.0 | 22.1 | 26.3 | 21.1 | 12.3 | 2.6 | 1.6 |
2020 | 23546 | 1.9 | 8.9 | 19.6 | 26.3 | 23.2 | 15.3 | 3.4 | 1.4 |
2019 | 22323 | 0.3 | 5.2 | 18.6 | 26.2 | 25.0 | 15.7 | 6.3 | 2.7 |
Cordelia Nic Fhearraigh
Nach bhfuil bómánú a dhéanamh don ghaeilg sa chóras oideachais?
SeánÓH
Croimealachas go smior iad an Roinn Oideachais i leith na Gaeilge. ‘Siad is cúis lena bás sna Gaeltachtaí & lasmuigh. Ar a laghad, tá sin aitheanta anois agus ní gá a thuilleadh polasaithe don chur i gcéill.