63 bás eile fógartha, an Covid-19 tolgtha ag 250,000 in Éirinn 

250,953 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 159,144 cás ó dheas den teorainn agus 91,809 cás ó thuaidh di

63 bás eile fógartha, an Covid-19 tolgtha ag 250,000 in Éirinn 

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil breis agus trí scór duine eile básaithe de dheasca an Covid-19.

63 bás de dheasca an ghalair a dheimhnigh an Roinn inniu. Bhain 56 de na básanna le mí Eanáir, bhain cúig cinn acu le mí na Samhna agus bhain ceann le mí na Nollag. Tá bás eile fós á fhiosrú.

3,569 cás nua den ghalar a deimhníodh tráthnóna.

Tá 1,770 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu sna hospidéal agus tá 172 acusan in aonad dianchúraim, an líon is mó ó thús na paindéime.

Tá an Covid-19 tolgtha ag os cionn ceathrú milliún duine in Éirinn.

250,953 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 159,144 cás ó dheas den teorainn agus 91,809 cás ó thuaidh di.

3,977 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,460 duine ó dheas den teorainn agus 1,517 duine ó thuaidh di.

Ina ainneoin sin, dúirt an Píomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan go raibh “údar áirithe dóchais” ann.

“Tá roinnt comharthaí beaga ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn i dtaobh líon na gcásanna laethúla agus na rátaí dearfachta. Tá údar áirithe dóchais againn, ach tá píosa an-fhada le dul againn.

“Sna seachtainí romhainn teastóidh an teacht aniar céanna a léiríomar san earrach mar níl aon dabht ann ach gur ag ardú lá i ndiaidh lae a bheidh an ráta báis agus líon na ndaoine sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim mar gheall ar Covid-19,” a deir an Dr Holohan.

Bhain 416 de na cásanna nua ó dheas inniu le Corcaigh, 200 cás a bhí i nGaillimh, 169 cás a bhí i bPort Láirge, 136 cás a bhí i nDún na nGall agus 129 cás a bhí i Maigh Eo.

73 cás a bhí i gcontae na Mí agus 65 cás a bhí i gCiarraí.

Bhain 1,119 de na cásanna nua le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair anois ag 1,448.8 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát. 

Ráta 1,841.2 atá i bPort Láirge, 1,688 atá i Maigh Eo, 1496.9 atá i gCorcaigh agus 1,481.9 atá i nDún na nGall.

Ráta 1,186.4 atá i gContae na Mí, 1,111 atá i gCiarraí agus 1,049 atá i nGaillimh.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,145 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh 19 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

869 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt, suas 118 ó inné. Tá 55 díobhsan atá in aonaid dianchúraim.

D’fhógair an tAire Sláinte ó thuaidh, Robin Swann, inniu go mbeadh cosc ar chuairteoirí chun ospidéal ó Dé hAoine ar aghaidh.

Fág freagra ar '63 bás eile fógartha, an Covid-19 tolgtha ag 250,000 in Éirinn '