62% de dhaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ag foghlaim teanga eile

‘Ábhar imní’ iad na figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, a deir Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG

4/6/2014. Leaving Cert Exams Start

Rinne 62% de na daltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge le trí bliana anuas staidéar ar theanga eile seachas an Béarla.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise déanann formhór na ndaltaí Ardteistiméireachta a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar ar theanga nó teangacha eile chomh maith leis an mBéarla.

Le trí bliana anuas fuair 6,111 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge agus rinne 3,791 duine acu sin staidéar ar theanga nó ar theangacha eile nach Béarla iad, ina measc an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus eile.

Anuas air sin, tháinig méadú beagnach 5% ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge idir 2011 agus 2014. 1,997 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2011/12 agus 2,088 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2013/14.

Tháinig méadú freisin ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile – ó 1,237 sa bhliain 2011/12 go 1,272 sa bhliain 2013/14.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, gur “ábhar imní” iad na figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise agus dúirt sí go bhfuil sí ag súil go mór le torthaí an athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair ar an diólúine ón nGaeilge.

“Dá mhéid ionchur teanga a bhíonn ag páiste is ea is fearr é go háirithe do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Is í an Ghaeilge an t-ábhar is oiriúnaí do dhaltaí más fadhb léitheoireachta atá acu mar murab ionann agus Fraincis agus teangacha eile na hEorpa tá 50% de mharcanna an scrúduithe ag dul don scrúdú béil agus don chluastuiscint.

“Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon rud eisciachtúil faoin nGaeilge ná a thabharfadh le fios go mbíonn fadhbanna ar leith ag baint le foghlaim teanga amháin seachas teanga eile,” a dúirt Muireann Ní Mhóráin le Tuairisc.ie.

Tosaíodh ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge sa Roinn Oideachais ag deireadh na nóchaidí, breis agus cúig bliana dhéag ó shin.

San áireamh sna figiúirí thuas tá daltaí iarbhunscoile a rinne an Ardteistiméireacht, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta sna blianta 2012, 2013 agus 2014. Ní áirítear na daltaí a bhí ar an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG), scoláirí ar chúrsaí iar-Ardteistiméireachta ná scoláirí a bhí i mbun athscrúdú na hArdteistiméireachta.

Ceadaítear díolúine ón nGaeilge i sé chás;

  1. Sa chás go bhfuil míchumas foghlama ar leith ar an dalta sa mhéid is go dteipeann air na leibhéil a mbeifí ag súil lena mbaint amach sna bunscileanna teanga sa mháthairtheanga.
  2. Sa chás go bhfuil an dalta ar mhíchumas foghlama ginearálta de bharr mórbhaic mheabhracha agus go bhfuil teipthe air leibhéil shásúla a bhaint amach sna bunscileanna teanga sa mháthairtheanga.
  3. Sa chás go bhfuil an dalta ar mhíchumas foghlama ginearálta de bharr morbhaic céadfaigh agus go bhfuil teipthe air leibhéil shásúla a bhaint amach sna bunscileanna teanga sa mháthairtheanga.
  4. Sa chás gur ón gcoigrích an dalta agus nach mbeadh dóthain Béarla aige ag am an chláraithe, ní bheadh sé de dhuaglas air ach teanga amháin a fhoghlaim, Gaeilge nó Béarla.
  5. Sa chás go bhfuair an dalta a bhunoideachas i dTuaisceart Éireann nó taobh amuigh d’Éirinn go dtí go raibh sé 11 bliain d’aois.
  6. Sa chás gur cláraíodh an dalta cheana féin mar dhalta aitheanta i mbunscoil nó i scoil dara leibhéal agus go mbeadh athchlárú á dhéanamh aige tar éis tréimhse thar lear.