£60,000 caite ar dheisiú comharthaí dátheangacha a ndearnadh loitiméireacht orthu

Ba i gceantar Chomhairle Lár Uladh a tharla beagnach dhá thrian de na heachtraí loitiméireachta

£60,000 caite ar dheisiú comharthaí dátheangacha a ndearnadh loitiméireacht orthu

Tá beagnach £60,000 caite ag comhairlí contae sa Tuaisceart ar chomharthaí dátheangacha bóthair a ndearnadh loitiméireacht orthu le cúig bliana anuas. Rinneadh damáiste do chomharthaí bóthair a bhí i nGaeilge agus i mBéarla sa Tuaisceart trí chéad uair in imeacht cúig bliana.

De réir na bhfigiúirí a cuireadh ar fáil do BBC News NI faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ba i gceantar Chomhairle Lár Uladh a tharla beagnach dhá thrian de na heachtraí loitiméireachta seo. Tá taifead ann den 209 eachtra ina ndearnadh damáiste don chomharthaíocht ó bhí 2020 ann. Caitheadh £21,000 ar dheisiú comharthaí millte agus ar fheistiú comharthaí nua sa réigiún.

Tá taifead ar fáil de 74 eachtra loitiméireachta i gceantar Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí, 21 eachtra i mBéal Feirste, agus 15 i gceantar Chomhairle an Iúir, an Mhúrn agus an Dúin. Ceithre eachtra atá ar an taifead ag Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin.

Ní raibh aon tuairisc ann faoi loitiméireacht comharthaí sna sé cheantar comhairle eile atá sa Tuaisceart, ach thug cuid acu sin le fios nach bhfuil aon chomharthaíocht dhátheangach acu.

Tá ceist na comharthaíochta dátheangaí ina cnámh spairne ó thuaidh le tamall de bhlianta idir lucht tacaíochta na Gaeilge agus polaiteoirí aontachtacha.

Dúirt Comhairle na hEorpa an bhliain seo caite go bhfuil na coinníollacha atá i bhfeidhm i roinnt comhairlí ceantair ó thuaidh ó thaobh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh ródhian.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ón Dream Dearg gur “coireanna fuatha” a bhí sna hionsaithe loitiméireachta a rinneadh ar an gcomharthaíocht ó thuaidh ach nach féidir a leithéid a chosaint.

“Cuireann feiceálacht na teanga le normalú na teanga agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach sna spásanna comhroinnte atá againn,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Luaigh sé freisin go léiríonn an Ghaeilge ar na comharthaí bóthair an bunús teangeolaíoch atá ag na logainmneacha ó thuaidh, agus go léiríonn sí an “ionchuimsitheacht shóisialta”.

“Tá dualgais ar chomhairlí áitiúla gníomh fónta a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Is ceist í seo a bheidh ríthábhachtach nuair a cheapfar an Coimisinéir Gaeilge agus é thar am coimisinéir a cheapadh,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Fág freagra ar '£60,000 caite ar dheisiú comharthaí dátheangacha a ndearnadh loitiméireacht orthu'