600 bliain de litríocht na Gaeilge le fáil in úrscéal slachtmhar dea-scríofa amháin

Is é atá le déanamh leis an sárleabhar le Feargal Ó Béarra, ‘An Tromdhámh’, ná tumadh isteach ann agus sprid agus gealadhram an scéil a ghlacadh go fonnmhar chugat féin

600 bliain de litríocht na Gaeilge le fáil in úrscéal slachtmhar dea-scríofa amháin

Ceann de na tionscnaimh foilsitheoireachta is spéisiúla agus is luachmhaire faoi láthair is ea an tsraith scéalaíochta atá á cur amach ag Leabhar Breac le suim bhlianta anuas.

Bíodh is gur thosnaigh i bhfad siar le Feis Tigh Chonáin agus leis An Ceithearnach Caoilriabhach is i neart agus in iontas atá an scéim seo dulta le déanaí. D’fhoilsigh siad mór-eipic na Gaeilge An Táin i leagan úr le Darach Ó Scolaí in 2017, agus Conaire Mór agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson chomh maith céanna. Is de shuimiúlacht gur bhain na leabhair seo príomhdhuaiseanna litríochta na Gaeilge, mar a dhein An Tromdhámh in insint le Feargal Ó Béarra a bhain Gradam Uí Shúilleabháin i mbliana, tamall gairid ó shin.

Nuair a thosnaigh tréimhse na hathbheochana b’ait le rá é ach b’iad na scríbhneoirí Béarla is mó a chuir seanlitríocht na hÉireann i láthair an phobail, leithéidí Yeats agus Lady Gregory go háirithe. Is fíor gur chóirigh an tAthair Peadar go leor den scéalaíocht ina shlí shainiúil pheadarach féin, agus go bhfuaireamar leaganacha dílse nó athchóiriúcháin ó Chormac Ó Cadhla agus ó Niall Ó Dónaill fara daoine eile ina dhiaidh sin.

Ach is fada anois ó bhí leabhair inléite lán de ghiodam agus de bhligeardaíocht na litríochta sin againn lenár bhfiacla a shá iontu.

Leabhar mar sin is ea An Tromdhámh (Leabhar Breac €16). Is é an chéad rud is gá a rá faoin saothar seo, agus na cinn eile thuasluaite, ná nach foláir duit d’intinn a ghlanadh de litríocht na linne seo, agus den nua-aoiseachas trí chéile. Smaoinítear go raibh seantaithí ag lucht léite nó lucht éisteachta an tsaothair seo ar na carachtair atá ann: bhí aithne agus eolas acu ar Dhallán agus ar Sheanchán agus ar Chiarán Chluana an scéil, agus ar go leor de na mionphearsana.

Níor ghá dóibh a fhiafraí cá raibh Bréifne ná Oirialla ná Dún Guaire ná Tuaim Dhá Ghualann. Bhí léarscáil na ndaoine agus na n-ionad á hiompar acu ina gcloigeann féin.

Is é atá le déanamh ná tumadh isteach ann agus sprid agus gealadhram an scéil a ghlacadh go fonnmhar chugat féin.

Agus abair gur scéal spridiúil atá ann!

Tá greann agus aoir agus eachtraíocht agus magadh agus gearrchaint agus carachtair tríd nach gcasfadh ort id ghnáthshiúl lae, agus is maith nach gcasfadh!

Léirítear saol anseo ina bhfuil cumhacht dhiamhair ag an bhfilíocht agus nach foláir í a fhreagairt ina cáilíocht féin, ach inar léir go bhfuiltear ag magadh faoi phostúlacht agus faoi mhustar an aosa dána ag an am gcéanna. Is é bunéirim an scéil ná go dtagann an rí-éigeas Seanchán agus a lucht leanúna go léir (.i. an tromdhámh) ar cuairt go dtí Guaire, rí Chonnacht.

Toisc go bhfuil an rí fáilteach agus flaithiúil ní féidir leis diúltú do na héilimh nó do na mianta atá ag complacht na bhfilí, gach ceann díobh níos áiféisí ná a chéile. Dá séanfadh sé iad bheadh ‘cac ar oineach’ déanta aige, agus ba mheasa sin ná an bás. Smaoinítear nár rug Seanchán leis go Durlas Ghuaire ‘ach trí caogaid éigeas, agus trí caogaid éigsín – agus giolla, cú, agus beirt bhan muintire ag gach fear acu sin’. Má tá mo chuid áirimh i gceart agam sin tuairim is míle dhá chéad duine, gan na gadhair a bhac in aon chor.

Ba dheacair d’Éigse Éireann agus don Chomhairle Ealaíon le chéile an méid sin a chothú inniu dá bhfaigheadh siad buiséad uile na litríochta ar feadh cúpla bliain.

Is mó sin casadh agus lúb san eachtra mar is dual do scéal den scoth, ach gan amhras, is í an scríbhneoireacht féin is mó a thabharfaidh an léitheoir faoi deara. Dúshlán mór ann féin an tseanstíl a thabhairt chun friotail an lae inniu gan an blas a chailliúint ná dul chun míthuisceana. Déanann Feargal Ó Béarra é sin go máistriúil agus go healaíonta.Tá uaim agus comhuaim go rábach tríd mar a bheifí ag súil leis. Ní bhfaighidh tú, mar sin, ‘fios’ gan ‘fíoreolas’ a bheith ina chuibhreann, ná ‘machnamh’ gan ‘mídheamhain’.  Go deimhin, mar a deir Feargal é féin, dhein sé a dhícheall ‘friotal agus foghras an tseanscéil a thabhairt slán’. Focail eile aniar as an tseanlitríocht, tuigfear iad ina gcomhthéacs go cruinn agus ní chuireann moill ar bith ar an insint.

An faisean a d’fhás breis agus céad bliain ó shin ainmneacha Gaelacha a bhaisteadh ar leanaí, Aoife nó Ciarán nó Niamh nó Feargal féin, tá sin fós beo go maith. Ach an té a bheadh gann ar ainmneacha Gaeilge gheobhadh sé a sháith anseo: Mo Cholmóg, Dá Lua, Oircne, Gruig, Graig, Grangaid, Maol Géide, Iábál, Iúbál, Coirche…tá tuairim agam nach mbaistfear mórán ainmneacha mar sin ar an nglúin seo atá chugainn.

Smaoinítear gur scéal é seo a cumadh timpeall ar an 13ú haois, ach gabhann a phréamhacha siar chomh fada leis an 7ú haois, b’fhéidir. Fágann san go bhfuil 600 bliain de litríocht na Gaeilge ann. Leor mar ghaisce an méid sin a bheith le fáil chomh slachtmhar chomh comair chomh dea-scríofa sin in aon fhoilseachán amháin.

Fág freagra ar '600 bliain de litríocht na Gaeilge le fáil in úrscéal slachtmhar dea-scríofa amháin'