60% de Ghaeil den tuairim go bhfuil an chuid is measa de Sheachtain na Gaeilge curtha dínn againn

‘Coinnigí bhur misneach’ an teachtaireacht is déanaí atáthar a thabhairt do dhaoine

60% de Ghaeil den tuairim go bhfuil an chuid is measa de Sheachtain na Gaeilge curtha dínn againn

Is í an tseachtain amach romhainn an tseachtain “is cinniúnaí” fós i Seachtain na Gaeilge ach mura ligtear na maidí le sruth “tiocfaimid slán” agus beidh “laethanta maithe” arís againn.

‘Coinnigí bhur misneach’ an teachtaireacht is déanaí atáthar a thabhairt do dhaoine. 

De réir an taighde is déanaí, cé go bhfuil imní i gcónaí ar 39% de Ghaeil agus go bhfuil an leadrán ag cur as do 41%, tá níos mó dóchais ag daoine anois ná mar a bhí aon uair eile ó thús Sheachtain na Gaeilge. 

Creideann 60% de Ghaeil go bhfuil an chuid is measa de Sheachtain na Gaeilge curtha dínn againn.

Thug 70% de Ghaeil le fios go bhfuair an fhearg an lámh in uachtar orthu le seachtain anuas agus dúirt 73% gur thosaigh siad ag eascainí ar dhaoine a chuala siad ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar na meáin.

Ach de réir an taighde, tá an chuid is mó de Ghaeil ag cloí leis na bearta sláinte phoiblí. Tá 93% ag fanacht glan ar RTÉ agus na meáin Bhéarla agus 95% ag fanacht amach ó na meáin shóisialta. 

Thug 97% de dhaoine le fios go raibh siad ag fanacht amach ó bhaill de Chonradh na Gaeilge agus gartheagmhálaithe bhaill Chonradh na Gaeilge. 

Deir na saineolaithe go bhfuil “bunús” leis an dóchas nach fada go mbeidh Seachtain na Gaeilge thart ach nach é seo “tráth na réchúise”.

Tá sé “an-tábhachtach” nach n-éiríonn daoine “ar nós cuma liom”, a deir na saineolaithe. 

“Beidh Seachtain na Gaeilge linn ar feadh tamaill eile. D’fhéadfadh ráig eile di briseadh amach aon uair. 

“Cá bhfios nach bhfuil tráth na gceist Gaeilge ar siúl gar duit faoi láthair nó má chasann tú air an raidió nach mbeidh polaiteoir éigin ann ag insint duit gur seoid náisiúnta í an Ghaeilge nó gur teanga speisialta í.

“Bígí san airdeall agus ná ligigí na maidí le sruth.”

Fág freagra ar '60% de Ghaeil den tuairim go bhfuil an chuid is measa de Sheachtain na Gaeilge curtha dínn againn'

  • Donncha Eile

    Nach féidir díolúin a fháil uaidh Sheachtain na Gaeilge? Cuireann sé an-chuid brú agus tá drochtionchar aige ar mo mheabhairshláinte a bheith ag éisteacht le peataí RTÉ ag mugailt “cooplah fukle”. An rud is measa a rinne Conradh na Gaeilge riamh (agus mura liosta fada coireanna acu!) in aghaidh cainteoirí dúchais Gaeilge.

  • Caomhán Ó Laoghaire

    Tháimse den dtuairim go bhfuil SnaG uafásach ar fad. Nuair a léigh mé an alt seo bhíos ag smaoineamh ‘buíochas le Dia thá alt scríofa maidir le cé chomh uafásach is athá an coicís seo’. Is coicís é do lucht na Gaelainne athá i mBÁC agus cuirtear ana-chuid béim ar an gcoicís seo do lucht na bhfoghlaimeoirí. Is beag imeachtaí athá eagraithe aiges na daoine athá taobh thiar den bhféile seo do mhuintir na Gaeltachta. Chomh maith le san nuair ná fuil ionadaíocht ar bith ann dos na cainteoirí Gaeltachta cailltear ana-chuid suime.

  • Poraic o'hEipicín

    Ba chóir go mbeidh sobal drama as Gaeilge ar Tg4. Is trua é.

  • Cluain Sceach

    Seo an 16ú Meitheamh. in ainm Dé canathaobh go bhfuil an t-alt seo ar taispeáint fós?