Tá £50 milliún (€59m) á chur ar fáil ag Rialtas na Breataine d’athfhorbairt Pháirc Mhic Easmainn in iarthar Bhéal Feirste.
Fógraíodh an maoiniú mar chuid d’athbhreithniú caiteachais Rialtas na Ríochta Aontaithe.
Chuir CLG fáilte mhór roimh an bhfógra agus dúirt siad gur “cloch mhíle” a bhí ann i scéal na páirce.
Dúirt Uachtarán CLG Jarlath Burns go rachadh an staid nua chun leasa “Gaeil Aontroma agus Uladh” agus don tsochaí go léir.
Bhí sé i gceist staid a mbeadh slí ann do 34,000 duine a dhéanamh de Pháirc Mhic Easmainn in am do chomórtas sacair Euro 2028, ach bhíothas gann £150 milliún don bhforbairt a bhí riachtanach.
Tá €62.5 milliún geallta cheana ag Feidhmeannas Stormont don athfhorbairt agus tá €50 milliún curtha ar leataobh ag Rialtas na hÉireann di.
Dúirt Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill:
“Tionscadal suaitheanta de chuid an Fheidhmeannais é Páirc Mhic Easmainn agus tá níos mó i gceist leis ná bheith ina láthair spóirt amháin. Cabhróidh sé le dul chun cinn na heacnamaíochta do na pobail máguaird agus sa réigiún, cruthóidh sé fostaíocht agus meallfaidh sé infheistíocht.
“Céim mhór chun tosaigh atá i ngealltanas an lae inniu go gcuirfidh Rialtas na Breataine maoiniú substaintiúil ar fáil. Tá sé in am dúinn go léir tarraingt le chéile le go dtógfar Páirc Mhic Easmainn.”
Fág freagra ar '£50 milliún á chur ar fáil ag Rialtas na Breataine d’athfhorbairt Pháirc Mhic Easmainn'