5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

S U R V I V E – A.H.B.

Tharraing na máistrí-synth Kyle Dixon agus Michael Stein aird an domhain mhóir orthu féin le gairid nuair a chumadar an ceoltéama allúrach don gclár Stranger Things ar Netflix.              S U RVI V E is ea an t-ainm atá ar an mbanna atá acu i dteannta Adam Jones agus Mark Donica is táid ar fad an-tógtha go deo le fuaim na sintéiseoirí.  Mar sin, tá na foinsí inspioráide céanna le mothú sa saothar nua seo is a bhí ar an gceoltéama teilifíse: John Carpenter, Tangerine Dream, Giorgio Morder &rl.   Go maire siad is go gcaithe siad iad.

Danny Deepo – Dukambia Funfera

Ó Luimneach do Danny Deepo agus i dteannta Deviant, Jimmy Penguin is Mikey Fingers, bhí baint aige le bunú Community Skratch Games (féile atá ag rith sa Ghaillimh le deich mbliana anuas).  Ní haon iontas mar sin gur caschláraí ábalta é agus cosúil lena chomrádaithe, tá dúil mhairbh aige i gceolta sícideileacha na cruinne.  Tugann sé sinn ar aistear ceoil go háiteanna coimhthíocha ar a albam úr ‘Sounds From A Living Planet’ agus is aoibhinn an rud é a bheith faoina stiúir.

Michael Mayer & Agoria – Blackbird Has Spoken

Tá Michael Mayer, ceannasaí lipéid Kompakt na Gearmáine, gnóthach le tamall anuas ag obair i dteannta léiritheoirí éagsúla (Prins Thomas, Miss Kittin, Hauscha, Roman Flügel &rl) is beidh toradh a chuid oibre, an t-albam ‘&’ ar fáil ar !K7 ag deireadh na míosa seo.  Seo singil uaidh, curtha le chéile i dteannta Agoria, déanta don mhóimint chinniúnach san don rave, nuair a bhuaileann céadghath gréine na maidine an t-urlár rince ag breacadh an lae.

Hairy Hands – Chest & Lungs

James Alexander Bright é Hairy Hands. Seo buaicphointe Magic, a albam úr ar lipéad Tape Club – func curtha as a riocht, buillí ramhra, sampláil chruthaitheach, cordaí meidhreacha is fuaim an tsacsafóin ag plobarnach tríd.

Ceann ón gCartlann

Shelleyan Orphan – Epitaph Ivy and Woe

Nuair a bhíos im’ dhéagóir, chuala guth Caroline Crawley den chéad uair ar ‘Last Night’, ceann de na hamhráin a chum ollbhanna Ivo Watts-Russell, This Mortal Coil, don albam Blood ar lipéad 4AD.  Nuair a dheineas breis taighde ar an albam, d’fhoghlaimíos gur leaganacha clúdaigh is ea mórán de na hamhráin atá le clos air agus go raibh baint ag na hamhránaithe is na ceoltóirí atá le clos air le bannaí eile.  Chuas ag cuardach saothair na mbannaí san, ach amháin i gcás Caroline Crawley, níor dheineas ar chúis éigin is d’imigh sé as mo chuimhne.

 De phreab, chuala gur éag sí le gairid agus mhúscail an drochscéal san mo shuim dul ar thóir a cuid ceoil.  I measc na n-albam a d’eisigh sí, tá ceithre cinn leis an mbanna Shelleyan Orphan agus táim ag éisteacht leo gan stad ná staonadh ó d’aimsíos iad.  Tá an t-amhrán aoibhinn seo le clos ar an albam ‘Helleborine’ ón bhliain 1987 agus seo físeán de Caroline is a banna ag casadh an amhráin ar an gclár The Tube.  Suaimhneas síoraí léi.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'