5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian

Gavin Prior – Pangolin Blues

Chuireas aithne ar cheol Gavin Prior den chéad uair trína saothair a d’eisigh sé le United Bible Studies fadó.  Níl a bhanna snagmhiotail Tarracóir cloiste agam go fóill ach is breá liom a albam úr aonair All Who Wander, albam a gineadh ar bhóithre síor-oscailte Nevada is é ar chamchuairt trasna Mheiriceá.  Mar a deir sé féin sna nótaí cuimsitheacha atá scríofa aige don albam, is deacair don té nach ó Mheiriceá é gan a shamhlú go bhfuil sé ag glacadh páirt i scannán agus é ag taisteal ann, go mór mhór tar éis an oiread san scannán a fheiscint faoi thaisteal ar bhóithre na Stát. An scannán is túisce a shamhlóinn leis an bpíosa galánta macánta ceoil seo ná Paris,Texas, Wim Wenders. Port é seo nach mbeadh as áit ar fhuaimrian an scannáin san, a chum Ry Cooder.

Aeons – Bealtaine

Bheadh aithne ag pobal an cheoil traidisiúnta ar ghuth Mhuireann Nic Amhlaoibh, bean a tógadh i  nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne, go mór mhór as na hamhráin a chan sí le grúpaí ar nós Danú is Geantraí.  Seo a céad seáp faoi rian ceoil leictreonach a chumadh, agus é comhléirithe aici d’Fhéile na Bealtaine i nDaingean Uí Chúis le déanaí i dteannta Phádraig Rynne.  Bhí gean ar leith riamh agam ar ghlór Mhuirinn, agus, mar nach saineolaí ar an gceol traidisiúnta mé, is breá liom í a chlos faoin gceol seo is cóngaraí dem’ chroí.  Ar ndóigh, tá a glór ar fheabhas, agus macallaí ann de Liz Fraser ó na Cocteau Twins nó Karin Dreijer Andersson ó The Knife.  Is é Bob McGlynn a stiúraigh an físeán, a thugann chun cuimhne an scannán is fearr riamh faoi mhí Bealtaine is teacht an tsamhraidh: The Wicker Man.

Beyond The Wizards Sleeve – Diagram Girl (Beyond The Wizards Sleeve Re-Animation)

Tá Erol Alkan agus Richard Norris ag cumadh ceoil is athmheascán sícideileacha faoin ainm Beyond The Wizards Sleeve le breis is deich mbliana anuas.  Seo an chéad shingil óna n-albam úr The Soft Bounce agus glór Hannah Peel le cloisteáil ann.  Cuireann an t-amhrán seo ‘Big City’ le Spacemen 3 i gcuimhne dom agus ‘White Love’ le One Dove chomh maith, dhá amhrán ó na nóchaidí luatha.  Ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá mbeadh seo déanta d’aon ghnó ag Alkan is ag Norris, beirt fhear a bhfuil bailiúchán fairsing ceoil acu, agus a bhfuil dúil acu i macallaí a bhaint as saothair eile a thaitníonn leo.

Oliver Coates – Timelapse (Walrus)

Ó tharla ré an albaim a bheith imithe i léig, gan an tóir chéanna orthu is a bhíodh, ná an nós ag éisteoirí óga éisteacht le halbaim (is fearr a oireann an ré dhigiteach do rogha an éisteora ná  d’fhís an chumadóra), is maith go bhfuil daoine ann i gcónaí nach ndéanann aon leithscéal faoi albam a chruthú.  I gcás Upstepping, albam úr Coates, tá samhlaíocht láidir ann nach dtabharfá faoi ndeara b’fhéidir ar fhormáid níos giorra, cibé EP nó singil ar iTunes.  Is dord-veidhleadóir é Coates a bhfuil dúil i gceolta eile agus ach an oiread lena réamhtheachtaí, Arthur Russell, éiríonn leis freastal ar gach aon saghas ceoil ó bhuillí na hAfraice, go teicneo allúracha is rianta malla le cordaí áille.  Tá lorg a shamhlaíochta go láidir sa cheann ildánach seo.

Ceann ón gCartlann

Mariah – Shinzo No Tobira

Seo amhrán aoibhinn allúrach ón tSeapáin, ón mbliain 1983, nach raibh mórán eolais faoi lasmuigh den tír san go dtí le roinnt blianta anuas.  Is dóigh liom gurbh iad dioscmharcaigh Optimo a chuala ar dtús é i siopa ceirníní i Tokyo agus ní fada go rabhadar á roinnt ar fud na cruinne.  Nascann sé tonúlacht na hÁise le tonúlacht an Mheánoirthir is liricí ó cheol tíre na hAirméine le popcheol sintéiseora na Seapáine, an sean is an nua.  Ní haon iontas ach go bhfuil sé ar nós cheol na sióg.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'