5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Saint Sister – Blue Moon

Anuraidh d’eisigh Morgan Macintyre agus Gemma Doherty ón ardchathair a gcéad EP, an Madrid EP, a nasc le chéile gnéithe de dhaoncheol na tíre seo le cordaí na cruite agus éifeachtaí séimhe leictreonacha.  Anois, ta físéan samhlaíoch cumtha ag Myrid Carten agus Alphra Lee Hil d’amhrán ón EP.  Is iad Meabh Parr agus Emma White na gearrchailí atá ag aisteoireacht sa bhfíséan agus is fiú féachaint air mar go gcuireann sé go mór le comhthéacs an amhráin.


From The Bogs Of Aughiska – Aos Si

Ó Lios Dúin Bhearna i gcontae an Chláir do From The Bogs Of Aughiska.  Triúr atá sa ghrúpa – Conchúir Ó Drona, Bryan O Suillivan agus Ronan Hayes – agus cumann siad ceol dorcha a tharaingíonn le chéile gnéithe de cheol aimbiach, miotal dubh agus dordán.  Scéalta faoin mbean sí atá faoi chaibidil san iarracht seo a bhí le clos ar an Dark Eire EP anuraidh, EP a cumadh go speisialta d’Oíche Shamhna.


Teishi-1 – Hemidemisemiquaver

Seo rogha ghleoite ó bhailiúchán nua ceoil atá curtha i dtoll a chéile ag Josco ‘Untitled 2’, cnuasach ina bhfuil cuid den cheol leictreonach is suimiúla a cumadh le tamall anuas sa tír ann.   Tá an cnuasach ar fáil saor in aice anseo.  Seo ceann de na poirt is draíochtúla atá le clos ar an saothar, cumtha ag an léiritheoir cumasach ón ardchathair atá ag cur amach stíleanna éagsula de cheol leictreonach ar lipéid ar nós Intellegenix, !Kaboogie, Boy Scout Audio le blianta beaga anuas.


Lindstrom – Closing Shot

Tá port tarraingteach, ceolmhar atá lán de chroí cumtha ag an léiritheoir as an Iorua, Hans-Peter Windstorm, múnlaithe sa bhfaisean céanna leis na poirt a chruthaigh sé fadó do chlubanna na hEorpa, cosúil le ‘I Feel Space’ na bliana 2005, nó ‘Lanzarote’ a chum sé i dteannta Todd Terje sa bhliain 2013.  

Seo rian atá déanta d’urláir rince an tsamhraidh seo 2016, rian a chuireann na cluasa ar bior ón nóiméad a chlosimid na bosa ag bualadh go sceitimíneach ag a thús, go dtí an dord ramhar a leanann, is an airpéitse a spreagfaidh rinceoirí a lámha a shíneadh i dtreo na spéire sna míonna romhainn amach.


Ceann ón gCartlann

Oneohtrix Point Never – Nobody Here

Sa léamh allúrach (déarfadh duine eile fadálach) seo ar ‘Lady In Red’ le Chris De Burgh, sciobann Daniel Lopatin AKA Oneohtrix Point Never giota beag bídeach ó amhrán De Burgh agus cruthaíonn lúb de, lúb fhada a mhaireann ar feadh breis is uair an chloig, is a lagann is a thránn ar bhealach a bhraitheann thar a bheith hiopnóiseach, go dtí go bhfuil an t-éisteoir faoi gheasa ar fad aige.  Nó bréan go deo de – ceann nó an ceann eile.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'