5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Nina Hynes & _ilex – Payback Time (1)

Ón ardchathair do Nina Hynes agus do Holly McGowan (ilex_) ach táid ag cur fúthu thall i mBeirlín le tamall anuas.  Tá leagan den amhrán gleoite seo le clos ar Untitled 2, albam nua de cheol dúchasach leictreonach atá cnuasaithe ag an léiritheoir Josco (is féidir teacht air saor in aisce ag untitledire.bandcamp.com)  Tá trí léamh nua ar an amhrán síúil seo ar fáil anois ar EP úr Nina & Holly, agus cé hé sin a chloisim ag amhrán ina dteannta i dtreo dheireadh an phoirt ach an cat ag crónán?


Prince Rama – Now Is The Time Of Emotion

Thosnaigh na deirfiúracha Larson ón mbanna seo ag cumadh na n-amhrán atá le clos ar a n-albam úr is iad ina gcónaí i measc phobal ceoil an dubh-mhiotail ar oileán Vȫrmsi, amach ó chósta na hEastóine i samhradh na bliana 2012.  Bhíodar sáite i mórán eachtraí aisteacha ansan, eachtraí a spreag na hamhráin ar Xtreme Now, a bhfadcheirnín nua ar lipéad Carpark.  Seo pop-amhrán spleodrach ón albam sin, ceann a dhúiseoidh na céadfaí faoi mar a dhúiseodh an chéad chupán caife ar maidin iad.


Fatima Al Qadiri – Power

Brute is teideal d’albam úr an chumadóra Fatima Al Qadiri agus ó chéad leagtar súil ar an gclúdach (‘tellytubbie’ gléasta i bhfeisteas círéibe), is léir nach aon léamh útóipeach atá aici ar chúrsaí an tsaoil, ach a mhalairt glan.  Caith súil ar theidil na rianta ceoil –  ‘Endzone’, ‘Curfew’, ‘Blows’, ‘Fragmentation’ – agus tuigfidh tú gur bean í seo atá tnáite ag na fórsaí cumhachtacha a mhúnlaíonn cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta na linne.  Ar ‘Power’, cloisimid guth iarsháirsint de chuid an LAPD, Cheryl Dorsey, ag cáineadh na bpóilíní as mí-úsáid a bhaint as an gcumhacht atá acu, agus nótaí na sintéiseoirí mar gholtraí, agus fuaim gloine ag briseadh go borb tríd an rian.


Pantha Du Prince – The Winter Hymn (feat Queens)

Ar bhealach, b’fhearr liom techno uaigneach, rómánsúil, séisiúil Pantha Du Prince, nuair ná bíonn aon amhránaí le clos ar a chuid rianta.  Ach tá falsetto Scott Mou – AKA Queens – chomh héadrom le cleite is é folaithe a dhóthain i measc na gcloigíní agus dearadh fuaime an léiritheora ar an bpríomhamhrán seo óna EP úr go bhfuilim sásta cur suas leis an turas seo.


Ceann ón gCartlann

Max Richter – On The Nature Of Daylight

Bainte ón albam The Blue Notebooks leis an gcumadóir Sasanach Max Richter ón mbliain 2004, tá an píosa galánta, uaigneach ceoil seo tar éis a lorg a fhágaint ar mhórán éisteoirí ó shin i leith. Tugaim faoi ndeara é ag gobadh aníos arís is arís eile ar cheoltéamaí scannán. Bhí sé le clos ar Stranger Than Fiction (2006), Disconnect (2012), The Face Of An Angel (2014) agus tá roinnt leaganacha éagsúla de ar scannán Martin Scorsese Shutter Island ón mbliain 2010.  Seo port nuachlasaiceach atá tar éis imeacht ar fud na cruinne ó lipéad beag ailtéarnach (130701 Records, fo-lipéad de lipéad beag ailtéarnach eile Fat Cat). Níl deireadh lena  thuras go fóill.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'