5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

February & Mars – Secret Storm At The Edge Of Night

Déanach anuraidh d’eisigh February & Mars na Gaillimhe albam ar an lipéad Gearmánach Mojuba.  Seachas a gcéad singil, a tháinig amach roinnt mhaith blianta ó shin, ní raibh tásc ná tuairisc ar Jack Considine agus a chomhghuaillí Carl Ramberg ó shin.  Chun an fhírinne a insint, ní mór an phoiblíocht a dheineadar don albam ach chuireadar cóip den cheirnín chugam le gairid agus deirimse leat gur bhain sé creathadh asam.  Éiríonn leis an albam uilig – is go mórmhór leis an amhrán seo. Pop-amhráin fáiscthe as sintiséirí atá ann, an cineál saothair a shamhlófá le bannaí cosúil le Japan is The Human League óna hochtóidí ach go bhfuil rian na seachtóidí agus albaim cosúil le Tusk le Fleetwood Mac ar an obair léirithe. Is é an Corcaíoch John Daly a léirigh agus ní chloisfidh tú mórán amhrán níos fearr ná seo i mbliana.

Andrew Weatherall – Thirteenth Night

Beidh Andrew Weatherall ag cumadh ceoil is ag casadh ceirníní fad is a bheidh sé beo.  Tá dlúthbhaint aige le gach a bhaineann le cúrsaí ceoil ó bhí sé ina gharsún óg.  Ní haon gharsún óg a thuilleadh é, an leathchéad sáraithe go maith aige ach níl aon stop leis.  D’eisigh sé dhá albam le gairid, ceann le Nina Walsh faoin ainm The Woodleigh Research Facility, is ceann eile, Convenanza, faoina ainm féin.  Seo port gleoite uaidh le fonn álainn ná beadh as áit ar shaothar le New Order nó The Cure ó lár na n-ochtóidí.

Underworld – I Exhale (DJ Koze Remix)

‘Barbara, Barbara, We Face A Shining Future’. Ceann de na habairtí deireanacha a dúirt athair Rick Smith, ón mbanna Underworld, lena bhean chéile Barbara sarar éag sé agus abairt atá anois mar theideal tarraingteach ar albam úr an bhanna seo, banna a bhfuil a gcuid rianta leictreonacha os comhair an domhain mhóir ó d’eisíodar a gcéad albam sa bhliain 1988.  Tá sé bliana caite ó d’eisíodar a bhfadcheirnín deireanach agus chun an fhírinne a rá, cheapas ná beadh an oiread sin sceitimíní orm ag éisteacht leis.  Bhíos den dtuairim go mb’fhéidir go raibh a ré caite agus a scéal inste acu. Ach iontas na n-iontas, bhain an bunleagan den gceann seo siar asam agus ní fada go rabhas á chasadh ar an raidió.  Lean athmheascán DJ Koze an bunleagan agus cé go bhfuil sé beagáinín níos moille, níl aon easpa func sa léamh is déanaí seo agus máistrí cosúil le Mark E Smith ó The Fall, nó James Murphy ag canadh ‘Losing My Edge’ le LCD Soundsystem, á dtabhairt chun cuimhne ag glór Karl Hyde.

DJ Katapila – Sakawa

As Gána do DJ Katapila agus roinnt blianta ó shin d’eisigh sé albam ar chaiséad a d’aimsigh ceannasaí lipéid Aweseome Tapes From Africa, Brian Shimkovitz, is é ag tochailt sna margaí ar cheann de na cuairteanna rialta a thugann sé ar an Afraic.  Bí ag caint ar cheol.  Déantar aithris anseo ar an stíl dhúchasach Ga, ach in áit rithimí a chruthú as uirlisí traidisiúnta, cuirtear cló an cheoil leictreonaigh ar an stíl ársa sin leis an mbogearra Fruity Loops.  Tá an t-albam san – Trotro – arb é an rian seo an chéad rian air díreach curtha amach ag lipéad Shimkovitz, fear a bhfuil dúspéis aige i dtraidisiúin cheoil na hAfraice, idir shean is nua, agus fonn air pobal éisteachta nua a aimsiú do na traidisiúin sin.


Ceann ón gCartlann

Junior Boys – In The Morning (Alex Smoke Remix)

Tá deich mbliana caite ó eisíodh an tseoid seo, rian a chastar ar a laghad cúpla uair sa bhliain ar An Taobh Tuathail.  Cruthaíonn an obair léirithe, leis an Albanach Alex Smoke, ‘spás’ ar leith nua do Jeremy Greenspan chun an t-amhrán a chanadh agus níl aon teorainn leis na rithimí nua a chruthaítear le clic anseo, bean ag gáire ansan is duine ag casachtach ansiúd.  Tá sé chomh friseáilte inniu is a bhí an chéad lá a eisíodh é is ní dóigh liom go rachaidh an ceann seo riamh as dáta.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'