5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image


Catrin Finch – Desert Shadow

Éisteoir ó Snowdonia na Breataine Bige a mhol dom cluas a thabhairt do Tides, an t-albam is déanaí ón gcruitire is cumadóir Catrin Finch ó Ceredigion na tíre céanna. Ar ndóigh, cloisimid Catrin ar an gcruit ar an saothar seo ach cloisimid í freisin ar an bpianó den gcéad uair. Ar an bport aláinn seo, a bhfuil blas an mhéanoirthir air, cloisimid Belinda Sykes ag amhrán agus í ar an duduk, cinéal feadóg adhmhaid ón Arméin a chruthaíonn fuaim shaibhir ghleoite.


 

Tirzah – Make It Up

Tá aithne ag an léiritheoir Tirzah ó Londain ar an gcumadóir-ceoltóir Michachu (Mica Levi) ó bhíodar ina ngearrchaillí óga. Ar an EP is déanaí ó Tirzah ar Greco-Roman (lipéad Hot Chip), is í Michachu a dheineann an obair léirithe. Tá cumacht ar leith ag an dord trom séiseach ag imoibriú le glór binn Tirzah. Tá leagan eile den amhrán seo ar an EP céanna – an ‘club edit’ – atá ar comhchéim leis an mbunleagan mall.


 

Pneumatic – Urda Real Thing (dukkha reedit)

Tá an cumadóir is léiritheoir Enda Grennan bunaithe in Inis i gCo. an Chláir, agus fear é go bhfuil dúil aige i bhfuaimeanna éagsula. Mettā a thugann sé ar a chéad albam eisithe aige faoin ainm Pneumatic, áit a gcloisimid é ag tabhairt faoi stíleanna difriúla ceoil leictreónacha ó UKG go house go hip-hop. Tá meas aige ar cheannródaithe cosúile le Four Tet is Machinedrum agus tá an ildánacht chéanna le mothú ina chuid ceoil is atá i gceol a laochra.


 

Rodriguez Jr. – Chrysalism

Seo an ceann is deanaí ón léiritheoir Francach Oliver Mateu a thiomáin rinceoirí le gealaigh ag féile Sonar cúpla mí ó shin. Beidh sé ag teacht amach ar Mobilee i gceann seachtaine agus ní nach ionadh go bhfuil daoine chomh tógtha leis mar cheirnín. Drumaí tiubha, airpéitse fáiscithe as rif mhilis agus córdaí gan teorainn: tá na nithe cuí ar fad i láthair chun a lorg a fhágaint ar urláir rince na cruinne.


 

Ceann ón gCartlann

Dictaphone – Peaks

Murach gur roghnaigh an cumadóir Gearmánach Nils Frahm an port álainn seo don gcnuasach is déanaí sa tsraith Late Night Tales, seans ná beadh sé cloiste agam in aon chor. Rian snagcheoil é le héifeachtaí leictreonacha ag gluaiseacht tríd, a bhí le clos den gcéad uair ar an Nacht EP ar lipéad City Centre Offices sa bhliain 2004. Deineann sé ceolthéama an chumadóra Edward Williams do shraith teilifíse Life On Earth le David Attenborough – a craoladh ar an mBBC sna seachtóidí – a chur i gcuimhne dom agus sin ardmholadh don bport suntasach seo.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'