5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Demdike Stare – Patchwork

Is ionann Demdike Stare agus Sean Canty agus Miles Whittaker, beirt atá lonnaithe i Manchain. Cumann siad réimse leathan ceoil, ó cheol aimbiach go dordáin allúracha go techno stróinséartha, agus is iondúil fuaimeanna a chloisfeá i scannáin uafáis fite fuaite tríd ina gcuid saothair.  Ina dhiaidh sin féin, tá an rian seo níos oiriunaí don urlár rince ná mar atá formhór dá gcuid ceoil, toisc spiorad Dord-Cheoil Shasana a bheith go tréan ann, mar a bhíonn ar chuid mhaith de na rianta a chumann Miles i dteannta Andy Stott faoin ainm Millie & Andrea. Cad as a dtáinig an t-ainm Demdike Stare? Ba í Demdike ceannasaí na gcailleacha Pendle. Cuireadh trí dhunmharú ina leith sa bhliain 1622 agus d’éag sé sa phriosún sara gcuireadh faoi thriail í.


White Poppy – Midnight Sun

Seo an t-amhrán a sheasann amach domsa ar Natural Phenomena, albam le White Poppy, banna Crystal Dorval ó Vancouver, Cheanada. Cuireann sé i gcuimhne dom na singil ‘shoegaze’ a bhíodh ar na cluasáin agam thart ar 1991: leithéidí Lush, Chapterhouse agus Cranes. Is fiú a lua gur dhein an cumadóir an t-albam a thaifeadadh is í ina haonar ar oileán iargúlta timpeall ar Vancouver ar feadh seal naoi mí anuraidh. Próiseas mall a bhí i gceist agus bhí laethanta ann nuair nár  chum sí ach nóta amháin ar an méarchlár. De réir a chéile a thógtar na caisleáin, agus tá a halbam úr ar fáil anois ar an lipéad Not Not Fun.


Shrug Life – Chewing Gum Breakfast

Nuair a bhíodh bannaí ar nós Violent Femmes is Pavement ag cumadh leo fadó, bhíomar go mór faoi gheasa ag an scil a bhí acu a gcuid amhrán a lúbadh an tslí seo, ansan an tslí siúd, agus gan aon choinne ag an éisteoir leis. Braithim uaim an cur chuige leathanaigeanta, cruthaitheach seo agus ar éigean go gcloiseann tú racbhannaí an lae inniu ag súgradh le structúr a gcuid amhrán. Sin an chúis go bhfuilim chomh tógtha leis an bpopamhrán ar leith seo ón ngrúpa seo ón ardchathair. Bainte óna gcéad EP The Grand Stretch ar Popical Island, athraíonn an structúr ó véarsa go véarsa agus is breá liom liricí an amhráin, a thugann chun cuimhne imeartas focal Julian Gough is a bhanna Toasted Heretic fadó:

‘Wallet emptied of its paper possessions/Y’can’t blame it on a double dip recession/Still can’t remember last night’s session’


Yonkers Tale – The Plant

Tá an rian seo bainte ón gcéad EP a d’eisigh an dioscmharcach óg seo ar N lipéad BNR Trax. Bunaithe i Munich na Gearmáine, is léir go bhfuil máistreacht aige cheana féin ar conas rithimí mealltacha a chruthú agus is breá liom an tslí a shníonn sé guthanna mílse trína phort. Is breá liom freisin na blípeanna rave a gcruthaíonn a dteacht agus a n-imeacht teannas idir héadónachas an urláir rince agus uaigneas an duine aonair.


Ceann ón gCartlann

Lou Reed – Street Hassle

I 1978, chum Lou Reed an t-amhrán ar leith seo, bunaithe ar scéalta ó shráideanna Nua Eabhrach. Tá sé nach mór 11 noiméad ar fhaid. Sa chéad cuid Waltzing Matilda, cloisimid scéal ó bhean a chasann le striapach fireann agus an eachtra a tharlaíonn dóibh. I gcuid a dó de ‘Street Hassle’, tá mangaire drugaí le clos ag caint mar gheall ar bhás mná ina arásán. Sa chuid dheireanach, ‘Slipaway’, cloisimid Lou Reed (le cabhair ó Bruce Springsteen, ar tharla é a bheith sa cheantar céanna an lá céanna go raibh an t-amhrán á thaifeadadh) ag machnamh ar na hábhair is giorra dá chroí: an grá is an bás.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'