5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Felix Laband – Ding Dong Thing

Ó Cape Town san Afraic Theas do Felix Laband, atá díreach tar éis a albam úr Deaf Safari a scaoileadh amach trí lipéad Compost. Ar an iarracht seo, baineann sé casadh as ráitis uachtaráin na tíre san, Jacob Zuma, taobh le samplaí d’amhránaithe dúchasacha, cic-dhruma trom agus, in ainm ‘Chroim, cad as ar sciob sé an sampla den ghíotar? Ó ‘These Days’ le Nico, b’fhéidir? Nach cuma, is maith go bhfuil fadcheirnín nua le clos uaidh tar éis briseadh naoi mbliana.

Colleen – I’m Kin

Bhí Cecille Shott na Fraince – a bhíonn ag taifeadadh faoin ainm Colleen – ar fheabhas ar fad is í ar an ardán sa Cheoláras i gCorcaigh i dteannta Chaoimhín Uí Raghallaigh an mhí seo caite. Seo an físeán is déanaí óna scoth-albam Captain Of None faoi stiúir Chrisophe Thockler. Cloisimid Cécile ag canadh go séimh is í ag casadh an viola da gamba. Tá an físeán thar a bheith teibí ach má fhaigeann tú deis súil cheart a chaitheamh air, seans go dtabharfaidh tú fé ndeara chomh glic is a nochtann sé míniú follaithe an amhráin.

Rand & Holland – Walking The Plank

Sa bhliain 2011, tháinig deireadh leis an ngrúpa Astráileach Rand & Holland, nuair a thit ceoltóirí an bhanna amach le chéile. Thart ar an am san, bhí clú orthu as a gcuid ceolchoirmeacha spleodracha timpeall Syndey agus daoine den dtuairim ná rabhadar riamh chomh paiseanta ar an ardán (is iad ar fad ag achrann lena chéile). Dheineadar albam a thaifeadadh an bhliain úd ach níor eisíodh é go dtí le gairid, nuair a tháinig an lipéad A Guide To Saints i gcabhair. Seo amhrán ar leith. Ní minic a deirim é sin faoi shaothar rac-ghrúpaí na laethanta seo.

KiNK – Pocket Piano (Breakbeat Mix)

Strahil Velchev ón Bhulgáir is ea KiNK agus tá cad é mar cheirníní suntasacha house is techo á n-eisiúint aige le nach mór deich mbliana anuas. Tá lorg ré orga an cheoil leictreónaigh sna nochaidí le mothú go tréan ar an bport seo. Idir na buillí briste, an ríf ar an bpianó is ceol binn na sintiséirí ag soilsiú an phoirt, is léir go bhfuil omós á léiriú ann do rianta móra rince na nochaidí, dála ‘Belfast le Orbital nó ‘Raving I’m Raving’ le Shut Up & Dance.

Ceann ón gCartlann

The Durutti Column – Sketch For Summer

Seo ceirnín fíorspeisialta, déanta don tráth seo den bhliain is na tráthnóintí fós ag dul i bhfad. Is giotaraí éirimiúil é Vini Reilly ó Mhanchain agus is follasach a stíl álainn mhacánta, chaoin ar an bport seo. Bainte óna chéad albam The Return Of The Durutti Column a d’eisigh Factory sa bhliain 1980, b’é Martin Hannett a léirigh an ceann seo ach tá sé an-difriúil go deo leis na ceirníní eile a bhí á n-eisiúint ag an am. Tá rian na foirfeachta ar an bport sa tslí a n-imoibríonn buillí an inneal-dhruma le héifeachtaí stiúidió Hannett is ceol na n-éan, ach is é an fonn galánta a bhaineann Reilly as a ghíotar a fhágann go bhfuil an port gleoite seo chomh haerach le meannán gabhair lá brothallach samhraidh.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'