5 amhrán ón taobh tuathail…

Gach seachtain feasta ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnóidh Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image


LesLord – The Wheel

Is ón ardchathair do Les Ó Dochartaigh agus tá dhá albam eisithe aige le cúpla bliain anuas.  Cumann sé ceol nó ‘drámaí ceoil’ trí ghnáthuirlisí ceoil (go hiondúil an pianó) a chniotáil le taifid a dheineann sé den méid a chloiseann sé sa dúiche máguaird.  Seolann sé toradh a shaothair chugainn go minic ar ATT agus seo í an chéad iarracht a chualamar uaidh i mbliana. Mar is gnách, sáriarracht atá ann.


MuRli – Reservations (feat. God Knows & Guide)

Rap-fhonnadóir é MuRli de bhunaidh Phoblacht Thóga ach atá ag cur faoi i Luimneach.  Ar a EP úr Surface Tension, tá plúr na léiritheoirí hip-hop ó Chúige Mumhan le clos a thionlacan le ceol agus is léir go bhfuil bua an scéalaí go smior i MuRli.


Frank & Tony – Bring The Sun (feat. Gry)

Táim go mór faoi gheasa ag an bport doimhin síúil seo, ceann de bhuaicphoinntí an albaim You Go Gal ó na leiritheoirí Francis Harris agus  Anthony Collins. Tá glór álainn ag an amhránaí Gry a chuirfeadh Beth Gibbons ón mbanna Portishead i gcuimhne duit.


Celer – Circle Routes

Ar a albam úr Sky Limits, cruthaíonn Will Long (Celer) ceoldhreach ciúin, taibhsiúil, aimbiach dúinn as cordaí don chuid is mó.  Spreag turasanna a thug sé timpeall ar Tokyo agus Kyoto ‘spiorad’ an cheoil atá le clos ar an albam seo.  Tá baint aige leis an mbanna Oh, Yoko chomh maith, grúpa Seapánach a d’eisigh albam den scoth I Love You… sa bhliain 2013.


The Notwist – Object 5

Tá an grúpa Gearmánach seo ag plé le gach aon saghas stíl ceoil ó na nóchaidí luaithe i leith. Ar á n-albam is déanaí The Messier Objects, is rianta gairide uirlise formhór atá le clos air agus ní nach ionadh é, mar is do dhrámaí amharclainne, drámaí raidió agus scannáin a cumadh iad.


Ceann ón gCartlann…

Crispy Ambulance – Deaf

Tá clú is cáil ar an lipéad Factory, a bunaigh Tony Wilson i Manchain na seachtóidí, go mórmhór de bharr shaothar na mbannaí Joy Division, New Order is Happy Mondays.  Ach d’eisigh an lipéad na céadta ceirnín, cuid mhaith acu nár éirigh leo an clú céanna a bhaint amach is a bhain saothair a mbannaí aitheanta.  Tá tionchar Joy Division agus a léiritheoir Martin Hannett le clos ar an singil seo ón bhliain 1980, cé nach raibh aon bhaint acu leis an dtaifead beag ná mór.  Ach má tá uait ceangal a aimsiú, féach ar an scannán Control (a dhein an stiurthóir Anton Corjibn faoi Joy Division) agus an radharc ann ina seasann amhránaí Crispy Ambulance – Alan Hempsall – os comhair an tslua ag ceolchoirm in áit amhránaí an bhanna Ian Curtis. Cuireann an lucht féachana a mísástacht in iúl go tréan.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'