5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

The Cyclist – Hot House

Ó Dhoire d’Andrew Morrison nó The Cyclist mar is fearr aithne air. Tá trí albam den gcéad scoth eisithe aige le roinnt blianta anuas is clú an fhir ag leathadh le gach eisiúint. Tá sé rian nua ar leith le clos ar a EP úr Hot House do music/is/for/losers, ardlipéad atá bunaithe san ardchathair.  Seo sampla den stíl cheoil house analógach atá á forbairt aige agus beidh an EP ar fáil ar chaiséad – formáid na hiopstáirí – tríd an lipéad 100% Silk i Meiriceá amach anseo.

 Dino Lenny – Headphones On

Is mó cor is casadh ann ar an aistear áirithe ceoil seo. Nascann Dino Lenny – de bhunaibh na hIodáile ach ag cur faoi i Londain – buillí ‘Schaffel’, le ríf tharraingteach is blípeanna ag plubarnaigh sa chúlra go dtí go dtarlaíonn an chéad mhórchasadh ag 2.20. Baintear geit eile asainn thart ar an gcúigiú nóimead isteach, nuair a chloistear glór fir ag amhrán don gcéad uair. Ar mo leabhar ach go mbíonn sceitiminí ar rinceoirí sa chlub nuair a thagann amhrán mar seo aniar aduaidh orthu.

Jam City – Unhappy

Ar a albam deireanach Classical Curves, chruthaigh an léiritheoir seo buillí fíochmhaire, neadaithe áit éigin idir techno is grime ach déanta go huile is go hiomlán don úrlár rince. Ar a albam úr Dream A Garden tá athrú ó bhonn tagtha ar an múnla sin. Amhráin mhalla atá anseo, na liricí leathcheilte faoi shraitheanna fuaime, a chuireann saothar na Cocteau Twins ó na hochtóidí i gcuimhne dom, gan trácht ar ghlór Jeremy Greenspan ó na Junior Boys is na hamhráin ghrá atá á gcumadh ag Dean Blunt le gairid.  

The Revenge feat. Sister Sledge – Stay A While

Tá cáil ar Graeme Clark ó Ghlaschú, nó The Revenge faoi mar a thugann sé air féin sa stiúideo, as a chuid athmheascán is leaganacha athchóirithe do sheanamhráin disco.  Ambaiste ach gur dhein sé ‘Lost In Music’ le Sister Sledge a athchóiriú ní fada ó shin. Tá a chéad albam díreach eisithe aige agus tá an t-amhrán áirithe seo cumtha aige i dteannta laochra disco na seachtóidí Sister Sledge i measc na mbuaicphointí air. Creidim go mbeidh rinceoirí ag luascadh na gcromán aige seo ar feadh na gcianta.

Ceann ón gCartlann

Telegraph Avenue – Something Going

Sa bhliain 1971, d’eisigh an grúpa Telegraph Avenue ó Lima i bPeru a gcéad albam. Nascadar rithimí dúchasacha le rac-cheol sícideilach is airmóiní áille aeracha agus is dóigh liom gurb é seo an sampla is mealltaí dá saothar. Amhrán ar leith é seo atá le clos ar an albam Telegraph Avenue nó ‘Vol 1’, mar is fearr aithne air.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin an clár An Taobh Tuathail i láthair ar RTE Raidió na Gaeltachta gach Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'