470 post le cruthú ag Randox Teo

Ach d’fhéadfaí a thuilleadh postanna dá sórt a thabhairt chun na Gaeltachta dá mbeadh tuilleadh maoinithe ann.

Steve Ó Cúláin SÓM

Léiriú is ea an dea-scéal go bhfuil an 470 post atá le cruthú ag Randox Teoranta i gceantar an Chlocháin Léith i dTír Chonaill ar a bhféadfadh Údarás na Gaeltachta a bhaint amach dá mbeadh maoiniú ceart curtha ar fáil dó.

Dúirt urlabhraí thar cheann an Údaráis le Tuairisc.ie go bhféadfaí i bhfad níos mó fostaíochta a mhealladh chun na Gaeltachta dá gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil don eagraíocht.

Bhí “díoma” ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Stiofán Ó Cualáin, an tseachtain seo caite nár fógraíodh aon ardú i mbuiséad caipitil na heagraíochta sa Bhuiséad.

Thug an t-urlabharaí ón Udarás le fios gurb é scéal an lae inniu an dara scéal is mó riamh ag an eagraíocht ó thaobh cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Cé is móite den chomhlacht Mylan in Indreabhán na Gaillimhe is é seo an fógra fostaíochta is mó riamh ag cliantchomhlacht de chuid an Údaráis.

Thug an t-urlabhraí thar cheann an Údaráis le fios do Tuairisc.ie nach mbeadh forbairtí eile sa Ghaeltacht thíos leis an infheistíocht atá le déanamh in Randox as seo go ceann cúpla bliain má bhíonn rath ar an gcás atá déanta ag an eagraíocht leis an Rialtas ar a thuilleadh maoinithe do na postanna a fógaríodh inniu.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, cathaoirleach an Údaráis, go mbeidh deis ag céimithe Gaeltachta atá ag cur fúthu in áiteacha eile sa tír agus thar lear a theacht abhaile anois.

Tá tacaíocht á tabhairt ag an Údarás do Randox ó bunaíodh i gceantar an Chlocháin Léith é sé bliana ó shin. 66 duine atá fostaithe faoi láthair ag Randox ach meastar go mbeidh breis is 540 ag obair ann as seo go ceann sé bliana.

Bíonn Randox ag plé le tástálacha a fhorbairt do ghalair choitianta ar nós galar Alzheimer.

Tá feachtas poiblí tosaithe cheana féin d’fhonn daoine a d’imigh ar an mbád bán a mhealladh abhaile chun dul ag obair sa chomhlacht ar an gClochán Liath.