41 básaithe de bharr an choróinvíris san Iodáil in aon lá amháin

Tá 85 tír buailte ag Covid-19, tá os cionn 97,500 cás den ghalar ar an taifead agus tá breis is 3,300 duine básaithe dá bharr

41 básaithe de bharr an choróinvíris san Iodáil in aon lá amháin

148 duine atá básaithe anois de bharr an choróinvíris san Iodáil, méadú 41 cás in aon lá amháin.

Thángthas chomh maith ar 769 cás nua den víreas san Iodáil agus 3,858 cás ar fad atá ar an taifead sa tír sin, an tír is measa atá buailte ag an ngalar san Eoraip.

Idir an dá linn, tá an chéad duine básaithe de bharr an ghalair sa Ríocht Aontaithe. Duine a bhí amach sna blianta a bhí ann agus fadhbanna eile sláinte aige, a dúirt údaráis sláinte na Breataine.

Faoi láthair is ag céim shrianta an choróinvíris atáimid in Éirinn, ach obair “dhúshlánach” a bheidh ann an galar a choinneáil mar sin, dar le ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid.

Dúirt príomhfheidhmeannach an HSE inniu nár chóir do dhaoine iomarca scanraidh a bheith orthu ach gur dócha ná a mhalairt go scaipfidh an galar Covid-19 níos leithne in Éirinn. 

Mhol sé don phobal cloí le comhairle lucht sláinte maidir le glaineacht agus sláinteachas.

Tháinig caint cheannasaí an HSE sna sála ar fholáireamh a thug Tedros Adhanom Ghebreyesus, ceannasaí an WHO, gur chóir do thíortha a bheith ag ullmhú do thréimhse fhada ina mbeadh an galar ag scaipeadh go treán i measc an phobail. D’iarr ceannasaí an WHO ar gach rialtas a gcuid a dhéanamh chun an Covid-19 a smachtú ina dtír féin.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid tráthnóna go rabhthas ag ullmhú do chéimeanna níos measa ar eagla go rachadh cúrsaí in olcas.

Idir an dá linn, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil tráthnóna go mb’fhéidir go gcaithfí an reachtaíocht a leasú chun tabhairt ar dhaoine fanacht glan ar dhaoine ar feadh 14 lá má cheaptar gur gá dóibh féinleithlisiú a dhéanamh. Beidh a thuilleadh eolais faoi seo ar fáil Dé Luain, arsa Leo Varadkar.

Tá iarrtha ar na céadta daoine iad féin a choinneáil amach ó dhaoine eile ar mhaithe le sláinte an phobail agus naoi gcás den ghalar Covid-19 aimsithe in Éirinn.

Dúirt ceannasaí an HSE gur chóir don phobal caitheamh leis an ráig den ghalar mar ábhar “tromchúiseach”.

Dúirt sé níos túisce inniu nár chonacthas a leithéid seo cheana agus gur chóir don phobal a bheith ar an airdeall.

Dá fhad a choinneofaí srian ar scaipeadh an ghalair is fearr a bheifear ullmhaithe don chéid chéim eile sa chás go dtarlóidh sin, arsa ceannasaí an HSE. 

An aidhm atá faoi láthair ag an HSE ná líon na ndaoine a bhfuil imní orthu go bhfuil an galar tolgtha acu a choinneáil amach ó na hospidéil agus chuige sin atá an tseirbhís otharcharr ag déanamh tástálacha sa phobal. 

Tá roinnt scoileanna dúnta in iarthar na hÉireann agus a lorg á fhágáil ag an gcoróinvíreas ar thíortha ar fud an domhain. 

Tá ráite ag Príomh-Oifigeach Leighis na Ríochta Aontaithe go bhfuil an-seans ann go bhfuil an coróinvíreas á scaipeadh ó dhuine go duine taobh istigh den phobal sin.

Dúirt an tOllamh Chris Whitty gur dócha go mbeadh athrú saoil riachtanach chun an galar a shrianadh.

Naoi gcás den ghalar atá aimsithe in Éirinn go n-uige seo agus thar tír isteach a tháinig an víreas i ngach cás acusan.

Tá 85 tír buailte ag Covid-19 agus os cionn 97,500 cás ar an taifead. Breis is 3,300 atá básaithe leis an ngalar agus bhain 3,000 de na cásanna sin leis an tSín, mar ar thosaigh an víreas.

Tá gach aon scoil sa tír san Iodáil dúnta de dheasca an ghalair agus cosc curtha ar dhaoine freastal ar ócáidí spóirt. 

Tá pictiúrlanna, amharclanna agus músaeim na hIodáile dúnta chomh maith ag an rialtas in iarracht srian a chur le scaipeadh an ghalair.

11 duine atá básaithe de bharr an ghalair i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus staid éigeandála fógartha in California.

Táthar tagtha ar chás den ghalar den chéad uair san Afraic Theas agus a lorg a fhágáil ag an víreas ar chúrsaí an domhain mhóir. 

San Iaráin, mar a bhfuil 3,515 cás agus 107 duine básaithe, tá cosc curtha ar thaisteal idir cathracha móra agus pointí seiceála ag na húdaráis leis an gcosc a chur i bhfeidhm. 

Sa Bheithil ar an mBruach Thiar tá na séipéil agus na moscanna ar fad dúnta ag roinn sláinte na Palaistíne

Tuairiscíodh ar an Irish Times gur oibrí sláinte duine den cheathrar is déanaí in Éirinn a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu don choróinvíreas.

Tuairiscíodh leis go ndearna an duine sin seal oibre i rannóg éigeandála ospidéil ó d’fhill siad as tuaisceart na hIodáile. 

Naoi gcinn de chásanna ar fad atá aimsithe in Éirinn go dtí seo agus táthar ag obair chun a fháil amach cé hiad na daoine eile a raibh teagmháil acu leo.

Fear, bean, mac agus iníon atá sna hothair is déanaí a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu le haghaidh an ghalair. Bhí siad ar fad le chéile sa cheantar céanna i dtuaisceart na hIodáile le déanaí.

Tá cúram leighis á chur ar an gceathrar, arb as contae an Chláir dóibh, in ospidéal in iarthar na hÉireann agus iad scoite ó na hothair eile.

Trí scoil atá dúnta de thoradh na gceithre chás nua den ghalar, dhá bhunscoil agus iarbhunscoil amháin. Beidh an iarbhunscoil agus ceann de na bunscoileanna dúnta go dtí an 18 Márta agus beidh an scoil eile dúnta inniu agus iad ag fanacht ar chomhairle an HSE. Dúradh gur mar bheart réamhchúraim atá na scoileanna dúnta.

Naoi gcás den víreas atá aimsithe in Éirinn go dtí seo, trí cinn ó thuaidh, dhá cheann in oirthear na tíre agus ceithre cinn san iarthar. Bhí ochtar de na daoine atá buailte leis an ngalar i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus bhí an duine eile, duine den triúr ó thuaidh, i ngartheagmháil le duine sa Bhreatain a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air don víreas ina dhiaidh sin.

Daoine fásta an bheirt is déanaí a bhfuil an galar tolgtha acu sa tuaisceart agus tá duine acu ina mhac léinn in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste.

Fág freagra ar '41 básaithe de bharr an choróinvíris san Iodáil in aon lá amháin'