40 post nua le cruthú ar an Spidéal i gConamara

Tá an comhlacht déantúsaíochta leighis Cambus Medical ag súil go mbeidh breis is 170 duine ag obair ar an Spidéal acu roimh dheireadh 2021

40 post nua le cruthú ar an Spidéal i gConamara

Tá sé fógartha ag an gcomhlacht Cambus Medical/Freudenberg Medical go bhfuil breis agus 40 post nua le cruthú acu ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an scéal agus €1.9 milliún curtha ar fáil acu don chomhlacht déantúsaíochta feistí leighis le cur lena n-ionad ar an Spidéal.

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta an maoiniú breise don chomhlacht mar chuid de Chlár Spreagtha Post an Rialtais.

Tá an comhlacht Cambus Medical ag súil go mbeidh breis is 170 duine ag obair ar an Spidéal acu roimh dheireadh 2021.

Is i réimsí na sain-innealtóireachta cáilíochta, na déantúsaíochta, na seirbhíse custaiméara agus an riaracháin a bheidh na postanna nua.

Bíonn Cambus Medical, comhfhiontar le Freudenberg Medical, ag cur feadánra, sainsnáthaidí agus micreachomhpháirteanna miotail ar fáil don earnáil feistí leighis ar fud an domhain.

Cuirfear síneadh 2,088 méadar cearnach le foirgneamh an chomhlachta ar an Spidéal i gConamara.

Ghabh Barry Comerford, Príomhfheidhmeannach Cambus Medical buíochas le hÚdarás na Gaeltachta as infheistíocht a dhéanamh sa suíomh. Dúirt sé gurb í an aidhm acu “gnó inbhuanaitheach a fhás ar an Spidéal agus poist ardoilte suimiúla a chur ar fáil do dhaoine” ann.

Dúirt Comerford go raibh súil aige go mbeadh 500 duine fostaithe ag Cambus Medical “lá breá éigin”.

Dúirt an Dr. Max Gisbert Kley, Príomhfheidhmeannach Freudenberg Medical gur “díol mórtais” forbairt Cambus Medical a bhfuil infheistíocht á déanamh acu ann ó 2013.

Chuir Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers fáilte roimh an bhfógra chomh maith.

Thréaslaigh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, a bhforbairt leis an gcomhlacht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh gur léirigh an infheistíocht seo “an tionchar dearfach atá agus a bheidh ag an gClár Spreagtha Post agus infheistíocht an Stáit i gceantair Ghaeltachta”.

Bhunaigh Barry Comerford agus John Farragher an comhlacht Cambus Medical in 2006.

Fág freagra ar '40 post nua le cruthú ar an Spidéal i gConamara'

  • Bríd

    Cé mhéid de na poist seo a mbeidh daoine le Gaeilge iontu?

  • Gerry

    An mbeidh seo chun leas na Gaeilge nó airgead eile don Gaeltacht curtha amú?????