40 bliain i ndiaidh Chomhaontú Chromghlinne, cá seasann an pholaitíocht?

Ní iontas mór é an pobal a bheith patuar, nó níos measa, faoi Stormont

40 bliain i ndiaidh Chomhaontú Chromghlinne, cá seasann an pholaitíocht?

Ba ghránna an taispeántas é. Teachtaí Tionóil in Stormont ag maslú a chéile, díospóireacht a bhí teasaí, feargach ach nár réitigh aon rud. Vóta mímhuiníne in Aire nárbh fhéidir a bhriseadh mura dtabharfadh ceannaire a pháirtí bata is bóthar dó; ní thabharfadh. I bhfianaise na nimhe, táthar ag fiosrú ar cheart iontaoibh a bheith ag an bpobal go mairfidh Stormont nó an fiú é a choinneáil beo.

Cá bhfios cén fhad a mhairfidh an Tionól. Tá an t-atmaisféar athraithe an téarma seo, casadh suntasach déanta ag an DUP i dtreo an TUV de bharr pobalbhreith a léirigh go raibh páirtí Allister sna sála orthu. Ba é sin faoi ndear na ráitis ó cheannaire agus airí an DUP nár Chéad-Aire do gach éinne í Michelle O’Neill, Sinn Féin. Ba é a tharraing an freagra ó Paul Givan gur mhasla é a rá go raibh an DUP i ‘bpáirtnéireacht’ le Sinn Féin sa bhFeidhmeannas.

Roinnt na cumhachta à la carte. Idir an caidreamh corrach sin agus ciseach a bheith déanta de chuid mhór de na tionscadail shuaitheanta a gealladh ní iontas mór é an pobal a bheith patuar nó níos measa faoi Stormont.

An bhfuil ceacht le foghlaim ó réiteach a rinneadh cothrom an ama seo dhá scór bliain ó shin? Baineadh siar as a lán nuair a síníodh conradh stairiúil Chromghlinne (Hillsborough) ar an 15 Samhain 1985, alltacht ar roinnt agus na múrtha fáilte roimhe ag a thuilleadh. Ócáid dhrámatúil a bhí ann i gCaisleán Chromghinne nuair a chuir an Taoiseach, Garrett Fitzgerald agus Príomh-Aire na Breataine, Margaret Thatcher araon a lámh leis an gComhaontú Angla-Éireannach a thug ról do rialtas na hÉireann i ngnóthaí an Tuaiscirt den chéad uair. Ní raibh baint ar bith ag Aontachtaithe ná poblachtánaithe leis an idirbheartaíocht agus ní raibh glacadh ar bith acu leis an gComhaontú.

Ról comhairleach a bheadh ag rialtas na hÉireann agus bunaíodh Rúnaíocht Angla-Éireannach i mBéal Feirste chun é a riaradh. Chuir sé aontachtaithe agus dílseoirí le báiní, ba mhinic círéibeacha taobh amuigh den Rúnaíocht agus imeaglú á dhéanamh ar an bhfoireann. Bhailigh 100,000 ag léirsiú i mBéal Feirste agus fuair freagra Ian Paisley ar ról an deiscirt ‘Never, Never, Never …’ na gártha molta.

Ritheadh feachtas Ulster Says No sna comhairlí agus ar an tsráid. D’éirigh na 15 feisirí Parlaiminte Aontachtacha, UUP agus DUP, as Westminster ionas go mb’éigean corrthoghcháin a rith. Chailleadar ceann de na suíocháin – bhí an bua ag Séamus Mallon an SDLP orthu san Iúr/Ard Mhacha. Sa bhliain dár gcionn bhí círéibeacha dílseacha coitianta, na paraimíleataigh dhílseacha ar an ionsaí go forleathan. Rinneadh ionsaithe ar phóilíní, ar náisiúnaithe agus ar iriseoirí, go háirithe lucht ceamara. Threisigh an tIRA ar a fheachtas foréigin freisin, ag méadú an líon gnáthoibrithe agus seirbhísí a bhí acu ar a liosta dochosanta ar a dtugadar ‘targaidí dlisteanacha’. Lean an foréigean, marú, buamáil agus gortú naoi mbliana eile ach faoi 1994 glacadh leis nárbh fhiú é; tógadh próiseas na síochána air sin.

Ghlac náisiúnaithe go fonnmhar leis an gComhaontú agus diaidh ar ndiaidh maolaíodh freasúra Shinn Féin dó. Bliain i ndiaidh na hócáide i gCaisleán Chromghlinne rinne Sinn Féin an cinneadh stairiúil deireadh a chur lena mbaghcat ar Theach Laighean agus a suíocháin a thógáil i nDáil Éireann. Ghoill réabadh agus foréigean an fheachtais in aghaidh an Chomhaontaithe ar go leor den ngnáthphobal aontachtach agus de réir a chéile baineadh anuas bratacha Ulster Says No agus cuireadh stop leis an agóidíocht.

Ba é an Comhaontú thar aon ní a chuir ina luí ar pholaiteoirí aontachtacha nárbh é a leas é a bheith diúltach i gcónaí. Fágadh as an idirbheartaíocht iad toisc gur glacadh leis nach ndéanfaidís margadh – d’ainneoin a muinín go dtí sin gur dhuine díobh féin í Margaret Thatcher. Chinn na páirtithe gurb é an t-aon bhealach chun fáil réidh le conradh 1985 ná ceann nua a aontú ina áit. As sin a d’eascair Comhaontú Aoine an Chéasta atá bunaithe cuid mhór ar choinníollacha a réitíodh in ’85 agus roimhe sin in Sunningdale.

Le linn an phlé faoi Chomhaontú Chromghlinne le cúpla lá anuas chuir roinnt suntas i gcur chuige reatha an DUP, cuid acu ag fiafraí an raibh an páirtí ag filleadh ar an diúltachas a bhí mar chomhartha sóirt acu an t-am sin. Is fíor go raibh siad glórach arís i 1998 ina bhfreasúra do Chomhaontú Aoine an Chéasta ach d’athraigh an port sin nuair a ba iadsan an páirtí ba mhó. Tá siad an-mhíshociar faoi láthair, scanraithe ag an TUV agus ag iarraidh an ceol aitheantais s’acu sin a sheinm. Cén toradh a bhéas air? Deacair a rá ach go bhféadfadh cúrsaí a bheith leochaileach. Níor mhiste do DUP an lae inniu breathnú siar ar a stair féin.

 

 

Fág freagra ar '40 bliain i ndiaidh Chomhaontú Chromghlinne, cá seasann an pholaitíocht?'