380 cás eile den víreas fógartha, an dara ráta scaipthe is airde sa tír i nDún na nGall

38 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim

380 cás eile den víreas fógartha, an dara ráta scaipthe is airde sa tír i nDún na nGall

380 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

38 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, ísliú ó 47 inné, agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim.

De réir na tuarascála is déanaí ón Ionad Faireacháin Cosanta Sláinte (HPSC) bhí an dara ráta scaipthe is airde den Covid-19 i nDún na nGall le coicís anuas.

Ráta 195 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae a bhí i gceist i nDún na nGall idir an 10-23 Meitheamh.

Is i Luimneach a bhí an ráta is airde – 233. Tá an ráta sa chontae sin tite ó bhreis is 400 ag tús na míosa seo.

Ráta coicíse 102 a bhí i gceist i nGaillimh, 90 a bhí i bPort Láirge, 74 a bhí i gcontae na Mí agus 70 a bhí i gCorcaigh.

Is i Maigh Eo atá an ráta scaipthe is ísle sa tír, 24, agus is i gCiarraí atá an dara ráta is ísle, 33.

Ráta 111 a bhí i mBaile Átha Cliath idir an 10-23 Meitheamh. 93 a bhí sa mheánráta náisiúnta.

Deimhníodh 4,412 cás ar fad sa stát le linn na tréimhse sin. Bhain 5% le taisteal, 61.6% a bhain le gartheagmháil le duine a raibh an Covid-19 air agus bhain 24.1% le scaipeadh sa phobal. Níor tholg ach 15 duine (0.3%) an víreas in ionad sláinte – ceathrar othar agus 11 ball foirne.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 229 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

16 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i dtrí cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,152,720 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 836,164.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

 

Fág freagra ar '380 cás eile den víreas fógartha, an dara ráta scaipthe is airde sa tír i nDún na nGall'