I mBéarla amháin a bhí 38% de na comharthaí de chuid an OPW a ndearna Oifig an Choimisinéara Teanga scrúdú orthu anuraidh.
Mar chuid den obair faireacháin a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh scrúdaíodh 562 comhartha ar dheich láthair oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí i mBaile Átha Cliath.
60% de na comharthaí de chuid an OPW a ndearna Oifig an Choimisinéara Teanga scrúdú orthu a bhí ag cloí leis an reachtaíocht teanga.
I gcás amháin, Garraithe Náisiúnta na Lus, i nGlas Naíon, bhí 90% de na comharthaí a scrúdaíodh ann ag sárú na reachtaíochta teanga.
320 comhartha a bhí ag cloí go hiomlán leis an dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge de atá ar an OPW faoin Acht. B’ionann sin agus 57% de na comharthaí a scrúdaíodh mar chuid den iniúchadh.

As an 242 comhartha nach raibh ag cloí leis an reachtaíocht, bhí 211 acu i mBéarla amháin.
De réir Thuarascáil Faireacháin nua an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh inniu, thug an OPW le fios i ndiaidh an iniúchta go gcuirfí i gceart an 40% de na comharthaí a bhí ag sárú an dlí teanga.
Thug an OPW le fios d’oifig an Choimisinéara Teanga go mbainfeadh costas mór le comharthaí áirithe a leasú agus gur “in imeacht ama” a leasófaí comharthaí den chineál sin.
Is beag glacadh a bhí ag an gCoimisinéir Teanga leis an gcur chuige sin.
“Ní miste a aithint go bhfuil na rialacháin i bhfeidhm anois le hos cionn deich mbliana agus tugadh tréimhse ama do chomhlachtaí poiblí dul i ngleic le seanchomharthaí neamhghéilliúla; go deimhin, tá go dtí an bhliain 2026 ag comhlachtaí poiblí chun réimse áirithe seanchomharthaí a leasú.

“I ngach cás eile ní féidir neamhaird a dhéanamh den dualgas reachtúil atá le comhlíonadh agus is gá go dtabharfaí faoi chur chuige córasach chun aon chomharthaí neamhghéilliúla a cheartú,” a deirtear i dtuarascáil faireacháin an Choimisinéara Teanga.
Bhí formhór na gcomharthaí ar thrí láthair ag cloí go iomlán leis an reachtaíocht teanga agus ba é Músaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin, mar a raibh 89% de na comharthaí ag cloí leis an reachtaíocht, is fearr a chruthaigh.
As an 562 comhartha a scrúdaíodh ní raibh ach naoi gcinn acu i nGaeilge amháin agus ba i Músaem na bPiarsach a bhí na comharthaí sin go léir.

Garraithe Náisiúnta na Lus an láthair ba mheasa ó thaobh cloí leis an dlí teanga agus gan ach 11% den 101 comhartha a scrúdaíodh ansin ag cloí go hiomlán leis an reachtaíocht teanga.
Tá sé i gceist ag Oifig an Choimisinéara Teanga roinnt láithreacha eile de chuid an OPW ar fud na tíre a scrúdú sna blianta amach romhainn.
Fág freagra ar '38% de chomharthaí de chuid an OPW i mBéarla amháin – iniúchadh'