365 cás nua fógartha, gan aon bhás de dheasca an víris ó thuaidh le seachtain

Faoi na treoirlínte nua atá le foilsiú d’earnáil an fháilteachais, ní bheidh cead ag duine a bheidh ag ithe nó ag ól faoi dhíon i mbialanna nó i dtithe tábhairne fanacht ansin ach 105 nóiméad

365 cás nua fógartha, gan aon bhás de dheasca an víris ó thuaidh le seachtain

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá 365 cás eile den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

103 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 41 acusan in aonad dianchúraim.

Níl raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an mhí seo.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. An dea-scéal nach raibh aon bhás mar thoradh ar an Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte ó thuaidh le seachtain anuas.

75 cás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu.

29 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,026,443 duine ó thuaidh den teorainn agus tá an dara dáileog faighte ag 620,764.

Ar a laghad 7,089 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,152 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

380,919 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 258,637 cás ó dheas den teorainn agus 122,282 cás ó thuaidh di.

Faoi na treoirlínte nua atá le foilsiú go luath d’earnáil an fháilteachais ó dheas, ní bheidh cead ag duine a bheidh ag ithe nó ag ól faoi dhíon i mbialanna nó i dtithe tábhairne fanacht ansin ach 105 nóiméad.

Caithfear méadar a fhágáil idir na boird, bídís sin taobh istigh nó taobh amuigh. Ní bheidh aon srianta ama ar dhaoine a bheidh ag ól nó ag ithe amuigh faoin aer.

Táthar ag súil go mbeidh cead an tseirbhís fáilteachais faoin aer a athoscailt ar an 7 Meitheamh agus go socróidh an Rialtas ag a gcruinniú ar an Aoine bheag seo cathain a bheidh cead oscailte ag an tseirbhís sin laistigh.

Cuirtear an-bhéim sna treoirlínte seo ar an aeráil a bheidh chomh tábhachtach in ionaid laistigh ach a n-athosclóidh siad.

Tá ceannairí an Aontais Eorpaigh tagtha ar chomhaontú faoi theastas digiteach Eorpach a chur ar fáil agus iad ag moladh go gcuirfí i bhfeidhm é “go gasta” ionas go gceadófaí “saorghluaiseacht laistigh den AE”.

Meastar go mbeidh sé amach i lár mhí Iúil nuair a thiocfaidh an pas glas seo i bhfeidhm do mhuintir na tíre seo.

Ag cruinniú mullaigh an AE sa Bhruiséil, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go rachfaí ar aghaidh “faoi lán seoil” chun an teastas digiteach glas a chur i bhfeidhm anseo.

Dúirt Martin chomh maith gurb í an sprioc a bheidh leis na pleananna Covid-19 is déanaí a fhógróidh an Rialtas Dé hAoine ná borradh a chur arís faoi earnálacha na heitlíochta, na siamsaíochta, an spóirt agus an fháilteachais faoi dhíon.

Fág freagra ar '365 cás nua fógartha, gan aon bhás de dheasca an víris ó thuaidh le seachtain'