363 cás nua deimhnithe, súil ghéar á coinneáil ar Ghaillimh

47,369 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 35,740 cás ó dheas den teorainn agus 11,629 cás ó thuaidh di

363 cás nua deimhnithe, súil ghéar á coinneáil ar Ghaillimh

Tá 363 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Bhí bás amháin eile de dheasca an ghalair le fógairt acu.

154 den 363 cás a bhain le Baile Átha Cliath. Bhain 40 de na cásanna nua a fógraíodh tráthnóna le Corcaigh agus bhain 23 cás le Dún na nGall. 11 cás a bhí i gcontae na Mí agus bhí cúig chás i Maigh Eo.

14 cás a bhí i nGaillimh, tráth a bhfuil súil ghéar á coinneáil ar chathair na Gaillimhe.

Bhí fearg ar dhaoine ar fud na tíre faoi na sluaite daoine óga a bhí beag beann ar an scaradh sóisialta nuair a bhailigh siad le chéile i nGaillimh aréir.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Ollie Crowe, gur cheart an t-arm a chur ag cuidiú leis an nGarda Síochána le déileáil lena leithéid d’eachtraí agus leis an ord poiblí a chur i bhfeidhm tráth seo phaindéim an Covid-19.

Rinne Crowe a chuid cainte tar éis do na céadta daoine óga cruinniú ag an bPóirse Caoch agus i gceantar an Chladaigh i gcathair na Gaillimhe aréir. Dúirt sé nach raibh dóthain acmhainní ag na Gardaí agus nach mbeadh foireann ar fáil acu le déileáil le heachtraí dá leithéid.

Leis an scéal ar fad a phlé, bhí físchomhdháil ag na Gardaí, Méara na Gaillimhe, Uachtaráin Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo inniu agus ionadaithe chumainn na mac léinn inniu.

Cháin Pádraic Toomey, Uachtarán Aontas na Mac léinn san ollscoil, iompar na ndaoine óga a bhí sa slua. I ráiteas ón gcoláiste an tseachtain seo caite, meabhraíodh do mhic léinn go bhféadfaí aon duine nach gcloífeadh leis na treoirlínte sláinte phoiblí a chaitheamh amach as an ollscoil.   

Údar imní an t-ardú atá ar líon na ndaoine a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu i nGaillimh le roinnt seachtainí agus tá sé ar cheann de na contaetha a bhfuil an baol ann go gcuirfí srianta leibhéal a 3 i bhfeidhm iontu.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn tráthnóna gurb é “comhoibriú an phobail agus iad a bheith sásta cloí le treoracha na sláinte poiblí an chosaint atá againn ar an Covid-19”.

Maidir le cásanna eile an lae inniu, bhí 16 cás i Loch Garman, 15 cás a bhí i Ros Comáin agus 14 cás a bhí i gCill Dara. Bhain 11 de na cásanna le Cill Mhantáin, naoi gcás a bhí i Luimneach, sé chás a bhí i gcontae an Chláir agus bhí cúig chás i dTiobraid Árann. Bhain an 29 cás eile le naoi gcontae éagsúil.

Tá sé deimhnithe gur bhain 47% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 58 cás. Bhí 64% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

Agus é ag caint ag Coiste Covid-19 na Dála inniu, dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, go mbeidh an tír ag déileáil leis an víreas “ar feadh tamall fada eile”.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, aréir nach mbeadh fáil go héasca ar vacsaín go ceann sé nó naoi mí eile agus dá réir nár mhór do pholaiteoirí “a thuiscint go soiléir go mbeidh ráigeanna eile den ghalar chugainn agus gur chóir a bheith ag réiteach dóibh sin”.

Phléigh Príomhfheidhmeananch an HSE scéal na dtástálacha sna scoileanna chomh maith inniu. Dúirt Paul Reid gur tástáladh 4,238 leanbh agus múinteoir ó d’athoscail na scoileanna. 180 dalta a deimhníodh an Covid-19 a bheith tolgtha acu agus 11 ráig a deimhníodh.

An chéad seachtain scoile ba ar leanaí óga a cuireadh 17% de na tástálacha agus an dara seachtain bhí breis is a dhá oiread díobh ar leanaí óga, 36%.

1.4% de na tástálacha a raibh toradh deimhneach orthu an chéad seachtain agus 1.9% den dream is déanaí a bhí deimhneach.

Dúirt Paul Reid go mbíonn torthaí 90% de na tástálacha a dhéantar ar oidí agus daltaí ar fáil do na scoileanna laistigh de 24 uair an chloig.   

320 cás nua den ghalar a deimhníodh sa Tuaisceart le lá anuas agus ní raibh aon bhás eile de dheasca an víris le fógairt ach oiread ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

47,369 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 35,740  cás ó dheas den teorainn agus 11,629 cás ó thuaidh di.

Dúirt an Dr Glynn tráthnóna go raibh “formhór mór an phobail ag déanamh a míle dícheall iad féin agus daoine eile a chosaint agus iad ag cloí leis na treoracha”.

Ba í an chomhairle a bhí ag Ronan Glynn don phobal:

“Má mhothaíonn tú aon cheann de chomharthaí sóirt an ghalair a bheith ort, fan sa mbaile agus cuir scéala chuig do dhochtúir teaghlaigh chun a fháil amach ar chóir duit tástáil a fháil.

“Má chuirtear ar an eolas tú go raibh tú i dteagmháil le duine a bhfuil an víreas tolgtha aige, ná cas le daoine eile, cairde ná teaghlach, ná téigh ag obair, ag coláiste nó scoil, ná téigh ag imirt spóirt agus téigh le haghaidh na tástála nuair a bheidh ceann ar fáil duit.

“Tuigim go maith go mbeidh na cinntí sin deacair ach beidh an–tionchar ag d’iarracht-sa ar scaipeadh an víris agus ar an líon daoine a chuirfidh an Covid-19 den saol an geimhreadh seo.”

2,381 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,803 duine ó dheas agus 578 ó thuaidh.

Tá os cionn milliún duine curtha den saol ag Covid-19 faoin tráth seo. De réir na bhfigiúirí is déanaí ó ollscoil Johns Hopkins sna Stáit Aontaithe, 1,002,864 duine atá básaithe de bharr an víris. Fuair leath de na daoine sin bás sna Stáit Aontaithe, sa Bhrasaíl agus san India.

Fág freagra ar '363 cás nua deimhnithe, súil ghéar á coinneáil ar Ghaillimh'