36 státseirbhíseach ceaptha i bpoist Ghaeilge le sé mhí – ‘drochthús’ le dlí nua

Deir an t-iar-aire Gaeltachta a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach gur cur chuige ‘minimalist’ atá ann maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua

36 státseirbhíseach ceaptha i bpoist Ghaeilge le sé mhí – ‘drochthús’ le dlí nua

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach go bhfuil “fíor-dhrochthús” curtha le cur i bhfeidhm na leasuithe nua ar an acht céanna.

Bhí an t-iar-aire, an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, ag tagairt d’fhigiúirí nua a léiríonn nár cuireadh i bpoist a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo ach 36 státseirbhíseach ó achtaíodh an bille teanga ar an 22 Nollaig 2021.

Cuireadh tástáil Ghaeilge ar na hiarratasóirí sin mar chuid de chomórtais na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Tugadh le fios chomh maith gur earcaíodh sa tréimhse chéanna 101 iarratasóir a thug le fios go raibh Gaeilge acu cé nach raibh riachtanas teanga ag baint lena bpoist.

Dúirt an Éamon Ó Cuív gur léir ó na figiúirí nach bhfuil “aon dul chun cinn déanta maidir le hearcú státseirbhísigh le Gaeilge bliain tar éis an bhille leasaithe a bheith achtaithe”.

“Is ábhar mór buartha é seo. Ní tús maith leis an acht leasaithe atá ann,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

“Ní oibríonn aon dlí nua mura bhfuil an córas ag feidhmiú chun é a chur i bhfeidhm agus is léir nach bhfuil sa chás seo. An seanscéal céanna atá anseo – tugtar isteach an dlí ach bíonn an córas ag tarraingt na gcos.

“Tá dearcadh minimalist ag an Roinn Caiteachais Phoiblí i leith na reachtaíochta seo. Déarfaidh siad go bhfuil plean náisiúnta earcaíochta le hullmhú ag an gcoiste atá le bunú ach tá dhá bhliain acu leis an bplean a leagan síos. An é nach bhfuil sé i gceist tada a dhéanamh go dtí sin? Fíor-dhrochthús atá anseo.”

Is é príomhsprioc na reachtaíochta nua gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaithe nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, ach deir Ó Cuív nach bhfuil aon seans ann go mbainfear an sprioc sin amach mura ndéantar athrú láithreach ar chur chuige an Stáit i leith cúrsaí earcaíochta.

“Níl tada á dhéanamh agus tá an chuma ar na scéal gur sampla eile é seo de phleananna a bheith mar leithscéal gan tada a dhéanamh. Níl fiú aon réiteach ar siúl le go mbeidh bonn láidir faoin bplean. Tá go leor gur féidir a dhéanamh anois chun cur le líon na nGaeilgeoirí sa chóras má tá siad dáiríre faoin sprioc 20%.”

Tugadh an chéad mhórchéim an tseachtain seo chun feidhm a thabhairt don reachtaíocht teanga nua nuair a bunaíodh an coiste a mbeidh sé mar chúram air plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú d’fhonn cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí.

Beidh dhá bhliain ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is í sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Fág freagra ar '36 státseirbhíseach ceaptha i bpoist Ghaeilge le sé mhí – ‘drochthús’ le dlí nua'