Coiste bunaithe le plean earcaíochta nua an stáit don Ghaeilge a ullmhú

Ullmhóidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is í sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030 

Coiste bunaithe le plean earcaíochta nua an stáit don Ghaeilge a ullmhú

Tá an chéad mhórchéim tugtha chun feidhm a thabhairt don reachtaíocht teanga nua agus coiste bunaithe le plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú d’fhonn cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí.

Beidh dhá bhliain ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is í sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. 

De réir na leasuithe a rinneadh ar an acht teanga ag deireadh na bliana seo caite, bhí an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge le bunú taobh istigh de shé mhí ón lá ar ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) – an 22 Nollaig 2022. Tuigtear do Tuairisc gur bunaíodh an coiste díreach in am an tseachtain seo.

Níl aon fhógra déanta faoi bhunú an choiste nua go fóill ach tuigtear do Tuairisc gur bunaíodh go hoifigiúil é Dé Máirt nuair a rinne Aire Stáit na Gaeltachta na horduithe a bhí riachtanach chun feidhm a thabhairt dó.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil aréir go ndéanfadh sé fógra i dtaobh an choiste an tseachtain seo.

Tuigtear nach bhfuil sé i gceist an scéal a fhógairt go dtí go n-inseofar do na hiarratasóirí nár roghnaíodh nár éirigh leo áit a bhaint amach ar an gcoiste.

Roghnaíodh beirt bhall den choiste nua trí chomórtas poiblí a d’eagraigh an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí.

Státseirbhísigh shinsearacha a bheidh i bhformhór na gcomhaltaí ar an gCoiste Comhairleach ach tá foráil san acht freisin go n-ainmneofar beirt mar ionadaithe do phobal na Gaeilge, duine  ón nGaeltacht agus duine ó lasmuigh di.

Tá bunú an choiste ar an gcéad mhórchéim a bhí le tabhairt má táthar chun mórsprioc uaillmhianach na reachtaíochta teanga nua a bhaint amach. 

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, sa Dáil aréir gur “trua” gur thóg sé sé mhí an coiste comhairleach a bhunú.

Chaithfí “moilleadóireacht a sheachaint ag an staid seo”, a dúirt sé, mar dá mbeadh moill le cúrsaí anois bheadh moill leis an sprioc earcaíochta agus le soláthar na seirbhísí Gaeilge amach anseo.

I measc na gcéad chéimeanna eile atá beartaithe i dtaobh an dlí teanga nua, tá Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers,  le feidhm a thabhairt don fhoráil san acht a bhaineann le cúrsaí fógraíochta. Faoin reachtaíocht leasaithe beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí feasta céatadáin áirithe dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Tá sé i gceist go dtiocfaidh an chuid sin den dlí i bhfeidhm san fhómhar.

San fhómhar chomh maith a thabharfaidh an tAire Stáit feidhm d’fhoráil a chinnteoidh go gcaithfidh an ghairm a fhaigheann duine dul ar ghiúiré a bheith i nGaeilge agus i mBéarla. Roimhe seo ní raibh aon dualgas ann go mbeadh gairm dá leithéid dátheangach.

San fhómhar chomh maith a bheifear ag lorg tairiscintí ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid den phlean náisiúnta earcaíochta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, sa Dáil aréir go dtabharfaí feidhm den bhille de réir a chéile agus gur “plean fadtéarmach” a bhí i gceist nach dtarlódh “thar oíche”.

Deis a bhí sa reachtaíocht “fíorcheannaireacht” á léiriú i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Coiste bunaithe le plean earcaíochta nua an stáit don Ghaeilge a ullmhú'