30 duine tugtha i dtír tar éis timpiste sa Mhuir Thuaidh

Bhuail dhá long in éadan a chéile amach ó chósta Grimsby agus chonacthas púir dhubh dheataigh san aer

30 duine tugtha i dtír tar éis timpiste sa Mhuir Thuaidh

Tá breis is 30 taismeach tugtha i dtír i Grimsby Shasana tar éis do thancaer ola agus long lastais bualadh in éadan a chéile sa Mhuir Thuaidh, thart ar dheich míle amach ó chósta Yorkshire Thoir.

Sna pictiúir ón timpiste bhí púir dhubh dheataigh le feiceáil san aer amach ón gcósta.

Maidin inniu a glaodh ar bháid tarrthála agus héileacaptar an gharda cósta go dtí inbhear an Humber. Tuairiscítear gurb í an MV Stena Immaculate, tancaer faoi bhratach Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an Solong, long lastais a bhí ar a bealach go Rotterdam, na báid ar bhain an timpiste seo dóibh.

“Ag a 9.48 ar maidin a fuarthas an fógra práinne,” a dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Cósta.

“Cuireadh fios ar héileacaptar tarrthála an Gharda Cósta as Humberside, chomh maith le báid tarrthála as Skegness, Bridlington, Maplethorpe agus Cleethorpes, agus aerárthach sciathán dobhogtha Gharda Cósta an Rítheaghlaigh, agus árthaigh a bhí i ngaobhar a raibh áiseanna comhrac dóiteáin ar bord acu. Táthar fós ag dul i ngleic leis an timpiste.”

Dúirt Rúnaí Iompair na Breataine, Heidi Alexander “go raibh sí i dteagmháil leis na feidhmeannaigh agus leis an nGarda Cósta faoin scéal”.

Tá an chuma ar na sonraí atá feicthe ón gcóras rianaithe go raibh an tancaer ar ancaire nuair a bhuail an long lastais fúithi.

Tá an scór daoine a bhí mar chriú ar an tancaer ola, an MV Stena Immaculate, ar fad slán sábháilte.

Ní hamhlaidh an cás ag criú an Solong, mar táthar fós ag tóraíocht cuid díobh.

Dúirt Martyn Boyers, Príomhfheidhmeannach Chalafort Grimsby Thoir, gur chuala sé go bhfacthas “meall ollmhór tine” i ndiaidh na timpiste.

Fág freagra ar '30 duine tugtha i dtír tar éis timpiste sa Mhuir Thuaidh'