270 cás nua den choróinvíreas fógartha, in Éirinn atá an laghdú is mó ar ráta scaipthe an ghalair san Eoraip

Maidir le vacsaín nua Pfizer agus BioNTech, dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan gur údar dóchais a bhí sé scéal ach go raibh sé ‘róluath a bheith ag ceiliúradh’

270 cás nua den choróinvíreas fógartha, in Éirinn atá an laghdú is mó ar ráta scaipthe an ghalair san Eoraip

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil duine amháin eile ar a raibh an coróinvíreas básaithe agus go bhfuil 270 cás nua den Covid-19 deimhnithe.

Is é sin an líon is lú cásanna a deimhníodh in aon lá amháin sa stát ó dheireadh mhí Mheán Fómhair.

20 cás nua a deimhníodh i nDún na nGall, 12 cás nua a bhí i gCorcaigh agus naoi gcás a bhí i gCiarraí.

Ocht gcás a bhí i gcontae na Mí, cúig chás a bhí i Maigh Eo agus bhí níos lú ná cúig chás nua i gceist i nGaillimh agus i bPort Láirge.

Bhain 103 de chásanna an lae inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 161 in aghaidh gach 100,000 duine. Laghdú 43% é sin ar an gcoicís roimhe sin, an laghdú is mó san Aontas Eorpach.

Níl ach trí thír eile san Eoraip ina bhfuil ráta coicíse níos ísle ná mar atá in Éirinn – sin iad an Eastóin (129.4), an Iorua (112.5) agus an Fhionlainn (53.4). Tá an ráta níos airde ná 200 i 25 den 31 tír eile.

Tá an ráta coicíse is airde sa stát fós i nDún na nGall, mar a bhfuil 276 cás ann in aghaidh gach 100,000 duine. Tá an ráta ag 213 i gcontae na Mí, 182 i gCorcaigh agus 163 i Maigh Eo.

Ráta 155 atá i gCiarraí, 138 atá i bPort Láirge agus 126 atá i nGaillimh.

291 othar Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 39 díobhsan in aonad dianchúraim.

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Maidir le vacsaín nua Pfizer agus BioNTech, dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, nach raibh na trialacha críochnaithe fós ach go rabhthas ag súil le níos mó fianaise dhearfach a fheiceáil.

Dúirt Holohan gur údar dóchais a bhí sé scéal ach go raibh sé “róluath a bheith ag ceiliúradh”.

D’fhógair Pfizer agus BioNTech go bhfuil an vacsaín atá á triail acusan ag cosaint breis is 90% de dhaoine nach raibh aon chomharthaí den choróinvíreas orthu roimhe sin.

Agus an chéad anailís á déanamh acu ar an tríú céim dá gcuid trialacha atá fós ar siúl, is cosúil go bhfuil an vacsaín i bhfad níos éifeachtaí ná mar a bhí na saineolaithe ag súil leis.

Údar misnigh an scéala seo go mb’fhéidir go gcuirfí deireadh leis an bpaindéim a bhfuil breis is 1.2 milliún duine curtha den saol aici, geilleagar tíortha scriosta aici agus an gnáthshaol trína chéile dá barr.

 

Maíonn Pfizer, a d’fhorbair an vacsaín i gcomhar le BioNTech, comhlacht déanta drugaí as an nGearmáin, nach raibh aon fho-iarmhairtí tromchúiseacha ag an druga ar an daoine a thóg é sa triail agus nach raibh aon imní faoina sábháilteacht.

Má sheasann na torthaí seo agus cosaint a thabhairt i 90% de na cásanna, bheadh an vacsaín seo chomh héifeachtach leis an gceann in aghaidh na bruitíní agus cinn eile a thugtar coitianta do leanaí.

Tá sé i gceist ag Pfizer iarratas ar cheadúnas éigeandála a dhéanamh ar an Údarás Bia agus Drugaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá níos déanaí sa mhí. Dhá dháileog den vacsaín atá i gceist acu a thabhairt do dhaoine.

Tá sé i gceist ag an Aontas Eorpach conradh a shíneadh chun 300 milliún dáileog den vacsaín nua a fháil.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh deichniúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh naonúr díobh. Deimhníodh 471 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

426 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 55 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Bhí 94% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 139 ionad cúraim sa Tuaisceart.

2,739 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,948 duine ó dheas den teorainn agus 791 duine ó thuaidh di.

109,047 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 65,659 cás ó dheas agus  43,388 ó thuaidh.

Fág freagra ar '270 cás nua den choróinvíreas fógartha, in Éirinn atá an laghdú is mó ar ráta scaipthe an ghalair san Eoraip'