‘Championship haircut’ d’fhear óg na Gaillimhe
Bhí lá mór ann do Ghaillimheach óg i rith na seachtaine agus Alex Murphy roghnaithe ón tús do Newcastle United den chéad uair. D’imir Murphy an cluiche uile agus fuair Newcastle an ceann is fearr ar Qarabag, 3-2, i St James’ Park i mBabhta an 16 de Chorn na gCuradh.
Chaith Murphy seal ag imirt le Galway United sa mbaile sular bhog sé anonn chuig oirthuaisceart Shasana in 2022. Bhí sé chluiche imeartha aige do Newcastle roimh oíche Dé Máirt ach is mar ionadaí a tháinig sé isteach i ngach ceann acu. Agus an chéad chluiche thall san Asarbaiseáin buaite 6-1 ag Newcastle, rinne an bainisteoir roinnt athruithe ar an bhfoireann don dara cluiche agus Murphy i measc na n-imreoirí a tugadh isteach ón tús. Thosaigh Murphy amuigh ar an gcliathán mar lánchúlaí ar chlé ach bogadh isteach mar leathchúlaí láir níos déanaí é.
Agus é ag labhairt i ndiaidh an chluiche, dúirt Murphy gur cúis mhór bhróid a bhí ann dó a chéad chluiche a thosú. Ní bhfuair Murphy, arb as Eanach Dhúin dó, scéala go dtí an mhaidin sin go raibh sé chun a bheith ag tosú agus dúirt sé nach raibh a chuid tuismitheoirí in ann a bheith i láthair mar nach raibh aon eitiltí ar fáil.
Ní hé nach raibh aon duine ann chun tacú leis, áfach. Dúirt Murphy go raibh ticéad don chluiche tugtha aige dá bhearbóir agus bearradh gruaige faighte aige an lá roimhe, “ar fhaitíos na bhfaitíos!”.
Geansaithe caide ag Paul Galvin
Is nós le Paul Galvin inspioráid a fháil ó na cluichí Gaelacha agus é ag dearadh éadaí do Dunnes Stores agus tá iar-imreoir Chiarraí fillte ar an tobar céanna don bhailiúchán is déanaí aige, ‘Caid’.
Na ‘ancient Irish mob football games’ an sainmhíniú atá tugtha ag Galvin dúinn ar chaid. Tá daoine ann a déarfadh go bhfeictear na “mob football games” go fóill ó am go chéile ach sin scéal eile.
D’fhéadfadh gur tháinig Galvin trasna ar an bhfíseán a rinne Maidhc Sé le Tuairisc roimh chluiche ceannais na Gaeltachta i gCraobh Idirmheánach na hÉireann agus é i mbun oibre ar an mbailiúchán nua.
CAID – mob football .
The origins of Gaelic football in Corca Dhuibhne with Gallarus , home of AI intermediate champions @anghaeltachtclg , as backdrop.
Shoot done . Réamh-píosaí sna siopaí cheana. Bailiúchán iomlán le teacht. Buíochas le gach éinne sa stiúdió inniu ‘s inné. pic.twitter.com/4JinRyEfpQ— paul galvin (@pgal10) February 26, 2026
“Sí an chaid ár gcreideamh sa taobh seo tíre,” a dúirt Maidhc linn agus, suimiúil go leor, tá páirc Ghallarois ag Galvin sa bhfeachtas fógraíochta don bhailiúchán.
Má tá fios a cheirde, nó fios a chaide b’fhéidir, ag Galvin beidh muinchillí móra ar na geansaithe nua aige chun go mbeidh mná Chorca Dhuibhne in ann a gclocha a iompar, mar a d’inis Maidhc dúinn.
“Bheadh clathacha le léim agat,” a dúirt sé faoi na cluichí caide a théadh ó pharóiste amháin go paróiste eile, “agus b’fhéidir nuair a thitfeá anuas don gclaí ar an dtaobh eile bheadh mná ansan romhat agus bheadh cloch istigh sa mhuilirt acu chun buille a thabhairt anuas sa chúl duit.”
Cluiche an deireadh seachtaine – Bohemian FC v Shamrock Rovers (Dé hAoine, 20:00)
Bhí cúpla scéal a bhain le cúrsaí sacair anseo in Éirinn go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas, cé nár bhain siad go hiomlán leis an aicsean ar an bpáirc. Scaoil an tAire Spóirt Patrick O’Donovan racht uaidh ag tús na seachtaine faoin eachtra a tharla in Oriel Park Dé hAoine seo caite nuair a chaith lucht tacaíochta Dhroichead Átha scata bladhmanna ar an bpáirc agus damáiste go leor déanta den dromchla nua a bhí maoinithe ag roinn O’Donovan.
Ní raibh an tAire leath chomh láidir nuair a ceistíodh faoi na cluichí idir Éirinn agus Iosrael agus é deimhnithe anois gur i mBaile Átha Cliath a imreofar ceann acu sa bhfómhar.
Scéal nár tharraing an aird chéanna, ach atá suimiúil mar sin féin, ná an ceann go bhfuil gearán déanta ag clann Michael Noonan, tosach óg Shamrock Rovers, le FA Shasana faoi ghnéithe de chomhaontú a rinne Rovers le gníomhaire thall. Tá sé deimhnithe ag Rovers go bhfuil siad anois ag plé le Fifa chun athbhreithniú a dhéanamh ar an socrú agus d’fhéadfadh go mbeadh casadh nó dhó eile sa scéal sula mbeidh deireadh leis.
Níl tada as bealach déanta ag Noonan féin ach beidh sé buíoch as an deis díriú ar chúrsaí ar an bpáirc anocht agus cluiche mór ag a fhoireann agus iad ag dul go Dalymount Park chun aghaidh a thabhairt ar Bohemians.
Bheadh díomá ar Stephen Bradley leis an gcomhscór a bhí acu in aghaidh Dhún Dealgan Dé Luain seo caite agus cúl géillte ag deireadh an chluiche ag Rovers. Rinne Bradley athruithe go leor, ocht gcinn ar fad, ar an bhfoireann don chluiche sin ach ba cheart go bhfeicfí foireann níos láidre ag dul chun páirce anocht.
Tá tús iontach curtha ag Bohemians leis an séasúr agus seacht bpointe saothraithe acu ón gcéad trí chluiche. Níl aon chúl géillte go fóill ag foireann Alan Reynolds agus moladh faighte ag Patrick Hickey, an fear nua a tháinig ó Ghaillimh i rith an gheimhridh. Ba mar thosach a bhí Hickey ag imirt i nGaillimh ach tá sé curtha siar mar leathchúlaí láir ag Reynolds agus ag éirí thar barr leis.
Rovers a thug leo an tsraith anuraidh ach bhuaigh Bohemians trí cinn de na ceithre chluiche sraithe eatarthu, an péire i Dalymount ina measc.
Fág freagra ar 'IS MÓR AN SPÓRT É: ‘Championship haircut’ d’fhear óg na Gaillimhe, geansaithe caide ag Paul Galvin agus Rovers ag triall ar Dalyer'