An Ghaeilge ar thrá Sydney, athshamhlú ‘an duine gorm’, an chaid sa bhfaisean…

Gach seachtain, cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

An Ghaeilge ar thrá Sydney, athshamhlú ‘an duine gorm’, an chaid sa bhfaisean…

B’fhéidir go mbeadh 33 contae fós ann, agus contae Coogee baiste ag fear as Éirinn atá ag déanamh físeáin Ghaeilge ón trá aitheanta sin atá suite ar bhruacha chathair Sydney san Astráil. Tá físeáin le ÉamonSpeaksIrish á mearscaipeadh ar TikTok agus Instagram ó chuir sé tús leis an tsraith físeán ina dtugann sé cuireadh do dhaoine suí síos in éineacht leis agus cúpla focal Gaeilge a labhairt.

Deir Éamon gur fhág sé Éire cúig bliana ó shin is go ndeachaigh sé ag taisteal ar fud an domhain. An plean a bhí aige, a deir sé i gceann dá chuid físeán, ná an Ghaeilge a mhúineadh ar líne agus taisteal ar fud na cruinne fad is a bheadh airgead ina phóca aige.

Chuaigh sé ó Rotterdam san Ísiltír, go Barcelona sa Spáinn, Hanoi i Vítneam, an Mhongóil, agus lear mór áiteanna eile. I gceann de na físeáin atá déanta aige feictear é in éineacht le pobal mara san Indinéis, muintir an Sama-Bajau.  Foghlaimíonn sé ruainne den teanga atá acu agus múineann sé cúpla focal Gaeilge dóibh freisin.

San Astráil atá sé anois, áit a bhfuil sé ag déanamh na bhfíseán ar thrá Coogee agus comhartha crochta aige ansin lena thaobh a deir, ‘Irish? When have you last spoke Gaeilge?’.

Tagann daoine agus labhraíonn siad leis i nGaeilge, nó mura bhfuil siad líofa, labhraíonn siad meascán Gaeilge agus Béarla. Tá an-suim cothaithe aige leis na físeáin seo agus os cionn 19,000 ‘is maith liom’ faighte ag cuid acu ar a chuntais ar TikTok agus Instagram. Deir Éamon go bhfuil sé ag iarraidh daoine a spreagadh leis an nGaeilge atá acu a úsáid agus go gcothaíonn an teanga nasc láidir leis an mbaile do dhaoine atá ina gcónaí thar lear.

***

Labhair an scríbhneoir Emma Dabiri faoina leabhar nua Born to be Blue le deireanas agus í ag caint i gColáiste Feirste mar chuid de Sheachtain Frithchiníochas na Gaeilge a d’eagraigh an Spórtlann.

An téarma Gaeilge ‘duine gorm’ an spreagadh atá aici dá leabhar is deireanaí, Born to be Blue.

Deir í go mbaineann sí leas as an téarma, chun athshamhlú a dhéanamh ar an gcaoi a mbíonn muid ag breathnú ar ár bhféiniúlacht chomónta, bíodh sé tríd an gceol, an chosmeolaíocht, fochultúir agus nó an pholaitíocht radacach. Ag labhairt di le Meon Eile, míníonn sí nach é an dath gorm atá i gceist leis an bhfocal gorm sa chomhthéacs seo.

“I’ve heard various explanations of what the blue is referring to, but the one that I’m most taken by, and I find the most poetic, is that it is a description of the iridescence that’s created when light shines on a dark surface.”

Bhí bríonna éagsúla ar an bhfocal ‘gorm’ i nGaeilge san am a caitheadh, cé gurb é an dath gorm is mó a thuigtear leis an bhfocal i gcaint an lae inniu. I bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar Teanglann.ie tá gorm na spéire agus lasair ghoirm i measc na samplaí atá tugtha ar an bhfocal.

Bheifeá ag súil leis na samplaí sin, ar ndóigh, mar go bhfuil siad ag teacht leis an tuiscint atá againn ar an dath gorm, ach is léir ón iontráil iomlán a léamh go raibh míniú níos leithne ar an gcoincheap a chuaigh leis an bhfocal san am a caitheadh. Samplaí den bhrí san iontráil a thugann leid dho seo ná ‘gorm féir’ a dhéanann cur síos ar fhéar atá ag fás go folláin, láidir. Tugtar an sampla ‘daoine gorma’ mar úsáid eile ar an bhfocal, agus ‘pej’ (pejorative) luaite lena thaobh. Tá ‘gorm’ luaite mar théarma liteartha freisin agus an bhrí ‘noble, illustrious’ mar aistriúchán Béarla air.

Leathleathanach atá i bhfoclóir Gaeilge-Béarla an Duinnínigh ag déanamh cur síos ar an bhfocal ‘gorm’, agus é sin sula dtiocfaidh tú chomh fada le focail eile atá sa gcomharsanacht, leithéidí ‘gormach’, ‘gormán’ agus ‘gormuighim’ – I whet (a sword etc.).

Scríobhann Dabiri, a thagann ó chúlra Éireannach-Nigéarach, faoi chúrsaí a bhaineann le cine, ciníochas, an tsocheolaíocht agus an pholaitíocht. Thuill sí cáil as na leabhair chumhachtacha eile atá foilsithe aici roimhe seo, Don’t Touch My Hair (2019), What White People Can Do Next: From Allyship to Coalition (2021), agus Disobedient Bodies: Reclaim You Unruly Beauty (2023).

Beidh Born to be Blue á fhoilsiú ag Penguin Press. Is féidir breathnú siar ar an mhír le Emma Dabiri ar Meon Eile anseo.

***

An chaid sa bhfaisean

Tá a gcuid féin déanta anois ag lucht faisin de ‘Bhliain na Caide’ agus gaiscí na Gaeltachta agus an Daingin i bPáirc an Chrócaigh.

‘Caid’ is teideal do bhailiúchán éadaigh nua Paul Galvin do Dunnes Stores. Geansaí liath le siombail de chaid cniotáilte isteach ann agus húdaí liath leis an bhfocal ‘caid’ breactha air atá sa bhailiúchán nua ón nGealbhánach, iarimreoir le Ciarraí.

Mínítear faoin bhfocal ‘Caid’ ar an húdaí gur tháinig sé ó ‘the ancient Irish mob football games’ agus go maireann sé inniu mar chur síos ar pheil na linne seo. Táimid ag súil leis an húdaithe ‘Sprid’, ‘Croí’ agus ‘Teanga’ amach anseo.

Maidir leis an ngeansaí, maítear go dtabharfaidh an patrún clúmhach bog cniotála blas comhaimseartha do na héadaí atá agat don aimsir fhuar agus go bhfágann na guaillí ‘tite’ atá mar chuid den dearadh go mbeidh scáthchruth agat a bhfuil cuma na réchúise air.

Rud nach mbeadh mórán gá ag an imreoir caide leis fadó, ach, déanta na fírinne, cén duine againn nár rith sé uair éigin linn go ndéanfadh scáthchruth a bheadh ábhairín níos réchúisí maitheas dúinn?

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ar thrá Sydney, athshamhlú ‘an duine gorm’, an chaid sa bhfaisean…'