£25,000 – £30,000 a chosnódh fotheidil Gháidhlig ar BBC Alba, a mhaíonn GáidhligTV

Deir an t-eagras feachtasaíochta GáidhligTV go gcosnódh fotheidil ar BBC Alba thart ar £30,000 ach deir an BBC féin nach bhfuil aon mheastacháin dá gcuid féin déanta acu ar an ábhar sin

bbc alba

Ní chosnódh fotheidil roghnacha Gháidhlig ach idir £25,000 agus £35,000 a chur ar fáil, dar le taighde atá déanta ag an ngrúpa  GáidhligTV, feachtas atá bunaithe in Albain in aghaidh ‘ró-úsáid’ an Bhéarla agus easpa fotheidil Gháidhlig ar BBC Alba.

Dar leis an eagraíocht, chlúdódh an praghas sin an trealamh a theastódh chun an tseirbhís a chur ar fáil chomh maith le costais eile a bhainfeadh léi – bheadh gá le hoibrithe nua a dhéanfadh na fotheidil bhreise.

Dúirt Lisa Storey ó Gháidhlig TV nach mór an méid é i gcomhthéacs na teilifíse agus gur “chaith an BBC £12m ar thacsaithe anuraidh”.

“Tá airgead ann. Faigheann BBC Alba na milliúin gach uile bhliain. Mar shampla, sa bhliain 2014 thug Aire na Gáidhlig, Alasdair Allan £2.4m do BBC Alba. Sa bhliain chéanna, thug an Feisire Danny Alexander £1m dóibh. Faigheann BBC £3.7b – billiún – tríd an gceadúnas teilifíse,” a dúirt sí.

Níl de dhíth, a deir GáidhligTV, ach tacaíocht pholaitiúil agus ó na craoltóirí féin.

Dúirt urlabhraí de chuid BBC Alba le Tuairisc.ie go bhfuil an BBC ag déanamh athbhreithniú ar cheist na bhfotheideal i láthair na huaire, ach nach bhfuil an obair athbhreithnithe sin déanta go fóill. Mar sin, níl aon mheastacháin dá gcuid féin déanta ag an BBC ar chostais na bhfotheideal.

Fág freagra ar '£25,000 – £30,000 a chosnódh fotheidil Gháidhlig ar BBC Alba, a mhaíonn GáidhligTV'

  • Breathnóir

    Ba dheas an rud é dá mbeadh fotheidil Ghaeilge le fáil níos minice ar TG4 fosta. Go bhfios dom, níl siad ar fáil ach do Ros na Rún faoi láthair.

  • Michael Doherty

    An bhfuil meastachán faoin chostas lena leithéid a dhéanamh ar TG4?

  • Dónall

    Dúirt roinnt foghlaimeorí Gaeilge liom go mbeadh sé ina chuidiú mhór daofa fotheidil Ghaeilge a bheith ar fáil ar an teilifís. Tá sé ráite is scríofa sa leabhar TG4@10 gur mó Béarla ná Gaeilge a bhíonn daoine ag foghlaim de bharr na bhfotheideal bheith i mBéarla. Cuireadh an leabhar sin i gcló sa bhliain 2008. Tá breis agus sé bhliana caite agus tá muid fós sa riocht chéanna. Bheadh sé furasta fáil amach faoi na costais níl le déanamh ach glaoch a chur ar S4C sa Bhreatain Bheag.

  • Michael Doherty

    Ón doiciméad S4C An Independent Review atá ar fáil ar an idirlíon ; In addition, on page 889 of Teletext, simplified Welsh subtitles, intended for those learning the language, are broadcast for ten hours a week. This is not a regulatory requirement, but is seen by S4C as a service for Welsh speakers who are hard of hearing. It has the additional advantage of supporting those learning the language. Is féidir Bearla agus Gaeilge a chur ar fáil .

  • Dónall

    An cheist atá ann ná cad é an plean 5 bliana atá ag TG4. An bhfuil sé i gceist acu an áis seo a chur ar fáil?