AGALLAMH le Gáidhlig TV: ‘An bhfuil ár ndream féin ag brú an Bhéarla orainn? Tá.’

Labhair Tuairisc.ie le Liza Storey ó Gáidhlig TV, feachtas atá bunaithe in Albain in aghaidh ró-úsáid an Bhéarla agus easpa fotheidil Gháidhlig ar BBC Alba

bbc alba

Tá feachtas ar bun in Albain le tamall de mhíonna anuas in aghaidh ró-úsáid an Bhéarla agus easpa fotheidil Gháidhlig ar chláracha a chraoltar ar BBC Alba – an stáisiún Gáidhlig sa tír sin. Chuir cúigear déag ón ngrúpa Gáidhlig TV a n-ainm le litir chuig cathaoirleach BBC Alba, Magaidh Chuineagan, an tseachtain seo caite, inar léiríodh a mbuairt faoin treo a bhfuil an stáisiún ag gabháil agus an dochar atá á dhéanamh don Gháidhlig.

Roghnaíodh cúigear déag mar gurbh in líon na n-imreoirí a bhíonn ar fhoireann rugbaí agus ceann de na gearáin is mó atá ag Gáidhlig TV ná go gcaitheann BBC an t-uafás airgid ar rugbaí beo, mar a mbíonn tráchtaire Béarla ag caint leis an tráchtaire Gáidhlig “gach dhá nóiméad nuair atá go leor saineolaite rugbaí in Albain a bhfuil Gáidhlig acu.”

Labhair duine den chúigear déag sin, an t-iarmhúinteoir Liza Storey as Bhatarsaigh, le Tuairisc.ie. Bhí Liza Storey páirteach san fheachtas a bhunaigh BBC Alba le linn na nóchaidí.

Céard é Gáidhlig TV?

Is comhghuaillíocht muid a chuireann fáilte roimh dhuine ar bith ar spéis leo ceart na nGáidhligeoirí stáisiún teilifíse dá gcuid féin a bheith acu. Is iomaí cúlra ag na baill idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí.

Thosaigh sinn i Lúnasa 2014 nuair a chuir mé litir chuig cathaoirleach BBC ALBA mar bhí imní orm faoin méid Béarla a bhí ar an aon stáisiún “Gáidhlig” ar domhan.

Bunaíodh an feachtas chun seirbhís Gháidhlig a bhaint amach de bharr gur áitigh muid gurb ionann a leithéid agus ‘ceart bunúsach’ cainteoirí Gáidhlig. Ar a laghad ar bith is údar mór díomá dúinn go bhfuil an chosúlacht anois ar an scéal, sa bhliain 2015, gur sárú ar na cearta bunúsacha é an forlámhas sin atá ag an mBéarla ar ár stáisiún Gáidhlig.

Cén fáth, sa lá atá inniu ann, a ngreamaítear fotheidil Bhéarla ar nach mór gach clár do dhaoine fásta? Cén fáth a mbíonn an oiread sin glórtha agus agallaimh Bhéarla, gan a gcomhionann i nGáidhlig? Mar gheall ar cheannas an Bhéarla sa tsochaí? Nó ar faoi údaráis mhóra ar nós an BBC Trust nó Ofcom a bhí sé? Nó an bhfuil an scéal níos casta fós? An bhfuil ár ndream féin ag brú an Bhéarla orainn? Tá.

Ní raibh mórán eolais san fhreagra a fuair mé ó BBC Alba, agus ní údar misnigh a bhí ann. Ba bheag an baol go n-athródh cúrsaí. Bheartaigh mé gur gá dúinn rud éigin a dhéanamh.

Scríobh mé féin agus Alan MacDonald, ceoltóir cáiliúil Gáidhlig, chuig an West Highland Free Press i mí Mheán Fómhair. D’éiligh sinn níos mó Gáidhlig ar BBC Alba agus foilsíodh an litir.

Ó shin i leith, tá an feachtas ag dul i méid agus tá tacaíocht faighte againn ó leithéidí Eithne O’Connell [saineolaí teangeolaíochta ó DCU] a scríobh aiste iontach dár suíomh gaidhlig.tv, a nochtaigh na dúshláin roimh BBC Alba agus TG4 agus na cosúlachtaí eatarthu.

Eagraímid sinn féin ar ár suíomh, ar na meáin shóisialta agus ar an sean-nós sin – an litir. Tá ár n-argóintí bunaithe ar phrionsabail mhaithe acadúla agus ar an idé-eolaíocht. Caithfear mothúcháin a sheachaint nó caillfear an cath. Mar sin féin, caithfear na hargóintí acadúla a cheangal leis an dearcadh idé-eolaíochta; caithfear cuimhniú gur ceist cearta daonna é go bunúsach. Ardú meanman is ea an tacaíocht ó phobal na Gáidhlig. Tá faitíos ar go leor daoine a dtuairimí a nochtadh – tá cuid mhaith daoine in earnáil na craoltóireachta báúil leis an gcúis.

Is feachtas dearfach é seo: seirbhís cheart teilifíse do Ghaidhligeoirí atá uainn. Feictear dúinn go mbaineann sé seo le go leor mionteangacha timpeall na cruinne. Tá sinn ag súil go spreagfaidh sé iad chun troid a chur suas dá dteangacha – go háirithe má tá an lámh in uachtar ag teanga eile orthu.

Tá sinn ag iarraidh go n-athróidh meon chraoltóirí na mionteangacha ar fud an domhain – ní hiad rátaí lucht féachana bun agus barr an scéil. Má bhíonn brú ann ó thaobh na rátaí de, is ceist pholaitíochta í.

Céard atá uaibh go baileach?

Níl sinn sásta le BBC Alba faoi láthair mar bíonn cláracha ann a mbíonn os cionn 70% díobh i mBéarla. Méadú mór ar úsáid na Gáidhlig ar BBC Alba atá uainn agus sin a bhfuil. Tá sé sin réalaíoch agus b’fhurasta é a dhéanamh. Más Béarla atá ón lucht féachana bíodh BBC Scotland agus Channel 4 acu. Tá sinn ag iarraidh go gcuirfear deireadh láithreach le fotheidil loiscthe Bhéarla ar gach clár ar BBC. Polasaí seafóideach agus seanaimseartha is ea é. Tá sinn ag iarraidh méadú suntasach a chur ar ábhar fuaime Gáidhlig ar BBC Alba. Tá sinn ag iarraidh go gcuirfear an teicneolaíocht – agus na Gaidhligeoirí! – ag obair ar chaoi a chuirfeadh le méid an ábhair Gáidhlig. Fostaíonn go leor comhlachtaí léiriúcháin Béarlóirí le hairgead a fhaightear le clár Gáidhlig a dhéanamh.

Tá sinn ag iarraidh go gcuirfear deireadh le hagallaimh Bhéarla ar chláracha spóirt. Tá sinn ag iarraidh deireadh a chur leis an andúil atá ag na craoltóirí lucht féachana ‘uile-Alban’ a mhealladh. Ba cheart go ndíreodh siad ar lucht féachana Gáidhlig. Tá cruthúnas againn ón BBC Trust nach seasann an seansprioc de lucht féachana de 500,000 duine agus cruthúnas againn ó Ofcom agus an BBC araon nach bhfuil dualgas ann fotheidil loiscthe a úsáid.

Tá stáisiún Gáidhlig idirnáisiúnta a bhfuil meon oscailte aige uainn.

Céard atá déanta agaibh go dtí seo?

Tá litir curtha againn cúpla uair chuig na húdaráis chraolacháin atá i gceannas an stáisiúin. Scríobh sinn chuig polaiteoirí, ina measc sin Alasdair Allan, Aire na Gáidhlig i bParlaimint na hAlban. Scríobh sinn chuig Bord na Gáidhlig agus forais eile oifigiúla Gáidhlig. Tá sainchomhairle faighte againn ó shaoithe teicneolaíochta ar nós Andrew Lambourne faoin bhfotheidealú agus faoi fhéidearthachtaí na teicneolaíochta. Labhair sinn leis na saineolaithe mionteangacha Tove Skutnabb-Kangas agus Robert Phillipson a bhfuil a dtacaíocht tugtha acu don chúis.

Tá sinn an-ghníomhach ar líne. Le deireanas scríobhamar litir oscailte chuig MG Alba agus BCC Scotland agus tá cóip di sin curtha againn chuig Comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe.

Tá sinn ag déanamh iarrachta i gcónaí smaointe dearfacha a chur chun cinn faoi na féidearthachtaí. Is dea-shampla é Esadir [stáisiún teilifíse sa Chatalóin] mar mhúnla do mhionteangacha i gcomhthéacs na teilifíse.

An bhfuil sibh ag súil go n-éireoidh leis an bhfeachtas?

Bhí Ofcom agus an BBC Trust an-chabhrach. Tá sé ráite acu nach bhfuil baint mhór acu le polasaithe stáisiúin agus nach n-éilíonn siad go mbíonn Béarla ar BBC Alba. Níl freagraí a chabhródh linn tugtha dúinn ag BBC Scotland nó MG Alba. Níl aon ghealltanas tugtha acu go n-athrófar a bpolasaithe. Tá siad ‘i mbun comhairliúcháin’, dar leo, a chríochnóidh an samhradh seo.

Tugann an tacaíocht ó phobal na Gáidhlig le fios dúinn go dtiocfaidh na hathruithe. Caithfear éisteacht.

Fág freagra ar 'AGALLAMH le Gáidhlig TV: ‘An bhfuil ár ndream féin ag brú an Bhéarla orainn? Tá.’'