25% d’imreoirí CLG ag roghnú gairme bunaithe ar cé chomh oiriúnach agus atá sé don imirt idirchontae

Léiríonn taighde nua go bhfuil céim ollscoile bainte amach ag níos mó ná 60% d’imreoirí idirchontae ach go bhfuil formhór acu míshásta leis an rogha a rinne siad i ndiaidh na hArdteiste

25% d’imreoirí CLG ag roghnú gairme bunaithe ar cé chomh oiriúnach agus atá sé don imirt idirchontae

Tá léargas tugtha ar an tionchar a bhíonn ag CLG ar oideachas agus gairmeacha beatha imreoirí idirchontae i dtaighde nua.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh an ESRI anuraidh, léiríodh go raibh imreoirí idirchontae ag caitheamh suas le 31 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ag plé le cúrsaí CLG agus léiríonn an taighde nua an tionchar a bhíonn ag na dualgais sin ar oideachas agus ar shlite bheatha na n-imreoirí.

De réir na tuarascála nua, atá bunaithe ar shuirbhé a rinneadh in 2016, bhí céim ollscoile ag 61% de na himreoirí, figiúr atá i bhfad níos airde ná an meán d’fhir óga, 35%. Léirítear, áfach, go bhfuil an-chuid de na himreoirí míshásta leis na roghanna a rinne siad ó thaobh a gcuid oideachais.

Tuairiscíodh le roinnt blianta anuas go raibh gairmeacha faoi leith á roghnú ag go leor imreoirí CLG, an mhúinteoireacht mar shampla, ar mhaithe le níos mó ama a bheith acu le díriú ar chúrsaí CLG agus dearbhaíonn an taighde nua gur amhlaidh an scéal.

Léiríonn an taighde gur roghnaigh 25% d’imreoirí gairm bheatha nó cúrsa tríú leibhéal a thabharfadh deis níos fearr dóibh áit a bhaint amach ar fhoireann an chontae. Bhí an figiúr sin níos airde i measc na n-imreoirí a bhí ag imirt do chontaetha atá ag an leibhéal is airde sa spórt.

Dúirt níos mó ná leath de na himreoirí sin nach raibh siad sásta leis an ngairm bheatha nó an cúrsa tríú leibhéal a bhí roghnaithe acu.

Bhí ar dhuine as gach seisear acu éirí as an gcoláiste nó bliain coláiste a dhéanamh arís agus d’admhaigh 80% de na himreoirí go raibh léachtaí caillte acu de bharr a ndualgais CLG.

Dúirt breis agus 40% de na himreoirí uile nach raibh siad sásta leis an rogha a rinne siad i ndiaidh na hArdteiste.

Thug na himreoirí le fios sa suirbhé gurb iad na rudaí is mó faoin imirt idirchontae a bhí ag cur as dóibh – fad an tséasúir, an méid ama a bhí orthu a thabhairt don fhoireann agus gan dóthain sásaimh a bheith á bhaint acu as na cluichí.

Dúirt Elish Kelly, taighdeoir leis an ESRI agus príomh-údar na tuarascála go rachadh rudaí in olcas mura ndéanfaí rud éigin chun fadhbanna na n-imreoirí a réiteach.

“Mura n-aithnítear na tosca is cúis leis an dúthracht agus an lear mór ama a chaitear le cúrsaí CLG ag leibhéal an chontae faoi láthair agus tabhairt faoina réiteach, is é is dóichí ná a mhalairt gur measa fós a bheidh cúrsaí ag imreoirí CLG amach anseo. An buntáiste is mó a bhaineann leis an taighde seo gur mhol na himreoirí athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh agus a chuideodh chun déileáil le cuid de na hiarmhairtí a bhíonn ar a ndílseacht do chluichí CLG, ” a dúirt Kelly.

Fág freagra ar '25% d’imreoirí CLG ag roghnú gairme bunaithe ar cé chomh oiriúnach agus atá sé don imirt idirchontae'