25% de chóipeanna an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge díolta cheana

Deir ceannasaí Fhoras na Gaeilge go bhfuil ‘neamart’ déanta ar mhuintir na Gaeltachta ó bhunú an stáit toisc gan aon fhoclóir Gaeilge a bheith ar fáil dóibh

25% de chóipeanna an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge díolta cheana

Tá nach mór 2,000 cóip den Fhoclóir Béarla-Gaeilge nua díolta cheana féin.

Sin an ceathrú cuid den 8,000 cóip den fhoclóir atá foilsithe.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais gur fhág sé sin go raibh an foclóir nua, a foilsíodh sa bhfómhar, i measc na leabhar mór-ráchairte sa tír le tamall anuas.

Dúirt Ó Coinn go raibh sé ag “teacht rite” leis an bhForas “coinneáil leis an éileamh” ar an bhfoclóir ós na siopaí, go háirithe agus gan ach duine amháin ag obair faoi láthair i dtrádstóras na heagraíochta de bharr na srianta Covid-19.

Is é Foclóir Uí Mhianáin, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959.

Dúirt Seán Ó Coinn gurb é an chéad chéim eile ná Foclóir Gaeilge-Gaeilge ar líne a fhorbairt.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais go raibh “neamart” déanta ar mhuintir na Gaeltachta ó bhunú an stáit toisc gan aon fhoclóir Gaeilge a bheith ar fáil dóibh.

Fág freagra ar '25% de chóipeanna an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge díolta cheana'

  • Donncha Eile

    Caithaigí cúpla cóip anuas ag Údarás na Gaeltachta.

  • Poraic o'hEipicín

    Cé mhéid é.

  • Folúsghlantóir

    Folús na Gaeilge.
    Cad as a dtagann na focail? Níl Sanasaíocht sa bhfoclóir i.e. Tá foclóir sanasaíochta ar fáil i nGaeilge na hAlbain le fada an lá.
    Chan fhuil, Coinneal, buntáiste, pónaire srl. Cad as a dtagann siad?
    D’fhéadfaí suíomh sanasaíochta a bhunú ar líne chun an t-eolas atá sna hirisleabhair acadúla a chruinniú le chéile.