25 comhlacht aitheanta mar na gnóthaí Gaeltachta is leochailí i gcás an Bhreatimeachta

Téann 28% de na táirgí a easpórtálann cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta chun na Ríochta Aontaithe

25 comhlacht aitheanta mar na gnóthaí Gaeltachta is leochailí i gcás an Bhreatimeachta

Tá 25 comhlacht Gaeltachta aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar chomhlachtaí a bheadh fíorleochaileach i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh.

Baineann 80% den fhostaíocht a dtacaíonn an tÚdarás léi sa Ghaeltacht le 150 comhlacht agus tá 25 ceann de na comhlachtaí sin áirithe mar chomhlachtaí atá an-leochaileach de bharr an Bhreatimeachta.

Comhlachtaí iad seo go léir ina bhfuil ar a laghad 10 fostaithe agus tá siad lonnaithe i gceantair éagsúla ar fud na Gaeltachta. Rinne Príomhfheidhmeannach agus stiúrthóirí an Údaráis teagmháil leo le déanaí le cur in iúl dóibh a leochailí is a bhí siad de réir na hanailíse nua.

Aithníodh an 25 comhlacht is measa a d’fhéadfadh a bheith buailte ag an mBreatimeacht nuair a d’iarr an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ar Údarás na Gaeltachta le déanaí tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag an mBreatimeacht, agus an Breatimeacht gan mhargadh go háirithe, ar na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo.

Luach €862 milliún d’earraí agus seirbhísí a dhíol cliantchomhlachtaí an Údaráis in 2017 agus easpórtáil a bhí i gceist le €522 milliún den díolachán sin.

De réir an taighde is déanaí atá déanta ag an eagraíocht fiontraíochta Gaeltachta baineann 28% den easpórtáil sin, nó €148 milliún, le heaspórtáil chun na Ríochta Aontaithe. Téann 33%, €172 milliún chun an Aontais Eorpaigh agus 24%, nó luach €124 milliún, a théann go Meiriceá Thuaidh.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad “ag obair go dlúth” le tamall maith lena gcliantchomhlachtaí chun a chinntiú “go bhfuil siad ar an airdeall, agus ag feabhsú struchtúr agus margaí a gcomhlachtaí oiread agus is féidir”. Tríd an scéim comhairleoireachta ‘Bí Réidh’ is mó atá an tÚdarás ag plé ceist an Bhreatimeachta lena gcliantchomhlachtaí.

Deir siad chomh maith gur minic gurb é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtála ag comhlacht Gaeltachta a bheadh ag dul i mbun easpórtála don chéad uair.

Lena chois sin, déantar suas le 60% den bhunábhar a bhíonn á úsáid ag cliantchomhlachtaí a iompórtáil, ar chostas €233 milliún, rud a fhágann go mbeadh tionchar mór ar chomhlachtaí Gaeltachta ag aon táillí trádála a thabharfaí isteach de thoradh an Bhreatimeachta.

Earraí adhmaid is ea 26% de na hearraí a easpórtálann cliantchomhlachtaí an Údaráis go dtí an Ríocht Aontaithe, páipéar atá i gceist le 18%, miotal bunúsach agus déanta atá i gceist le 18% eile, earraí bia agus dí is ea 7% de na hearraí a théann chun na Ríochta Aontaithe. Murab ionann agus an margadh sin, is earraí bia agus dí, earraí ríomhaireachta agus fearais leighis is mó atá á n-easpórtáil ag cliantchomhlachtaí chun an Aontais Eorpaigh.

Mar chuid dá n-ullmhúchán don Bhreatimeacht, tá eolas curtha ar fáil ag an Údarás dá gcliantchomhlachtaí faoi na hiasachtaí atá ar fáil ó Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann.

Chomh maith leis sin tá comhaontú déanta ag Údarás na Gaeltachta le Cumainn Tráchtála na hAlban maidir le comhoibriú gnó agus trádála idir comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain.

Beidh feidhmeannaigh de chuid Údarás na Gaeltachta ag dul go hAlbain ag tús mhí Aibreáin chun na socruithe sin a bheachtú.

Ach oiread le háisíneachtaí agus eagraíochtaí eile stáit má bhíonn Breatimeacht gan mhargadh ann beidh acmhainní breise á lorg ag an Údarás chun déileáil leis na deacrachtaí móra a chruthódh sé. 

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil go raibh obair mhór déanta ag Údarás na Gaeltachta le cinntiú go mbeadh a chliantchomhlachtaí ullamh don Bhreatimeacht.

“Tá mé sásta go bhfuil an réamhobair sin déanta agus go bhfuil chuile chliantchomhlacht ón Údarás ar an eolas maidir leis an mbagairt ón mBreatimeacht agus an méid atá ar fáil ón Údarás tríd an scéim ‘Bí réidh’ agus ag Enterprise Ireland freisin,” arsa Seán Kyne.

Fág freagra ar '25 comhlacht aitheanta mar na gnóthaí Gaeltachta is leochailí i gcás an Bhreatimeachta'