Gael-Taca ag maíomh go bhfuil ‘éagóir’ déanta agus deireadh curtha lena maoiniú

Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta don iarratas maoinithe is déanaí ó Ghael-Taca mar gheall ar cheisteanna faoi chúrsaí rialachais agus d’íoc an Roinn €70,000 chun fiacha a ghlanadh agus chun billí a íoc don eagraíocht

Gael-Taca ag maíomh go bhfuil ‘éagóir’ déanta agus deireadh curtha lena maoiniú

Deir rúnaí Ghael-Taca go bhfuil “éagóir” déanta ar an eagraíocht agus deireadh curtha ag Roinn na Gaeltachta leis an maoiniú a chuirtí ar fáil di.

Bunaíodh Gael-Taca i 1987 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair Chorcaí ach deir Adrian Breathnach go bhfuil an chuma ar an scéal anois go bhfuil an Roinn ag obair i gcoinne na heagraíochta agus deireadh curtha leis an maoiniú a chuirtí ar fáil di.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan le gairid gur cuireadh deireadh in 2020 leis an maoiniú rialta a chuirtí ar fáil do Ghael-Taca tar éis do cheisteanna suntasacha teacht chun cinn maidir le rialachas san eagraíocht agus nach bhféadfaí maoiniú nua a cheadú toisc nach raibh an Roinn sásta go raibh na fadhbanna sin réitithe.

Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta d’iarratas ar mhaoiniú €100,000 ó Ghael-Taca ach dheimhnigh urlabhraí ón Roinn le Tuairisc gur íocadh €68,525 sa tréimhse 2022-2023 chun fiacha a ghlanadh agus chun billí a íoc do Ghael-Taca.

Dúirt Adrian Breathnach go bhfuil ceannáras Ghael-Taca ar Ché Uí Shúilleabháin i gCorcaigh caillte ag an eagraíocht mar nach bhféadfadh siad an cíos a íoc.

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Adrian Breathnach gur tháinig fadhb maidir le cúrsaí rialachais san eagraíocht chun cinn le linn na paindéime agus gur cuireadh deireadh le conradh fostaí. Dúirt sé, áfach, go raibh gach a raibh iarrtha ag Roinn na Gaeltachta ar an eagraíocht déanta aici ó shin.

“D’aithníomar le linn Covid go raibh fadhbanna ann ó thaobh caiteachas airgid agus chuireamar deireadh le [conradh] hiarfhostaí a bhí ann ag an am,” a dúirt Breathnach.

Dúirt sé go raibh “ionadh an domhain” orthu san eagraíocht nuair a dúirt an Roinn go raibh ceisteanna ann go fóill maidir le cúrsaí rialachais.

“An tuairim atá ag Gael-Taca ná go bhfuil Roinn na Gaeltachta i gcoinne Ghael-Taca ó 2016 agus ag iarraidh go mbeimis ag plé le Foras na Gaeilge seachas leis an Roinn. Níl a fhios agam an bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur linn nó deireadh a chur leis an maoiniú díreach ón Roinn agus dul trí phróiseas eile.”

Mhaígh Breathnach go raibh an Roinn ag iarraidh go mbeadh Gael-Taca ag plé le cur chun cinn na Gaeilge i measc lucht gnó i gcathair Chorcaí, mar a dheineann Gaillimh le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, ach gur dhiúltaigh Gael-Taca dó sin.

Agus é ag labhairt faoin scéal an mhí seo caite, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan nach raibh “an acmhainn eagraíochtúil chun maoiniú stáit a láimhseáil faoi réir dhea-chleachais agus nach raibh fís na heagraíochta don todhchaí soiléir” ag Gael-Taca.

Dúirt an tAire Stáit go raibh a Roinn fós tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair Chorcaí agus go rabhthas ag fiosrú féidearthachtaí ina thaobh sin i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'Gael-Taca ag maíomh go bhfuil ‘éagóir’ déanta agus deireadh curtha lena maoiniú'

  • Carraig

    Mór an trua go bhfuil an dara cathair sa Phoblacht gan aon ionad buan inti do Ghaeilgeoirí. Bhí ‘An t-Áras’ an-mhaith na blianta siar.
    Tuige nach bhféadfaí é sin a athnuachan?

  • Mícheál Ó Ruairc

    Drochchinneadh amach is amach é maoiniú a dhiúltú d’eagraíocht sheanbhunaithe leithéid Gael-Taca. An-obair déanta ag Gael-Taca le blianta fada an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair Chorcaí. Tá folús mór fágtha anois nach líonfar go héasca, dar liom.