242 cás nua den víreas fógartha, ardú beag ar líon na n-othar sna hospidéil

67 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 23 acusan in aonad dianchúraim

242 cás nua den víreas fógartha, ardú beag ar líon na n-othar sna hospidéil

242 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

67 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, suas ó 62 inné, agus tá 23 acusan in aonad dianchúraim.

Thug an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) le fios inniu go bhfuil 22.9% de mhuintir na hÉireann vacsaínithe go hiomlán agus go bhfuil ar a laghad dáileadh amháin den vacsaín faighte ag 56.6%.

Tá an vacsaín Johnson & Johnson á seoladh chuig poitigéirí ar fud na tíre inniu agus cead tugtha dóibh vacsaíní a dáileadh. Beidh daoine os cionn 50 bliain d’aois nach bhfuil vacsaín faighte acu go dtí seo in ann clárú chun vacsaín a fháil ó phoitigéirí atá cláraithe leis an HSE.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig anuas. 87 cás nua a deimhníodh.

14 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,114,098 i duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 751,537.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Fág freagra ar '242 cás nua den víreas fógartha, ardú beag ar líon na n-othar sna hospidéil'