Chuala mé go minic, agus tá sé ráite agam féin freisin, gur féidir an t-uafás a dhéanamh in aon lá amháin. Uair nó dhó agus mé ar saoire, tar éis an chéad lae bheinn ag rá go bhféadfainn dul abhaile sona sásta anois, bhí an méid sin déanta agam.
Thug mé faoin teoiric a chur faoi thriail ag an deireadh seachtaine. Thosaigh mé go luath maidin Dé Sathairn.
7.00am – amach as an leaba agus síos chuig Duga na Canálach Móire don gnáth-thraenáil Sathairn. Is gearr uainn anois an ‘Fhéile Mhór IBCPC’ – féile na mbád dragan do dhaoine a raibh ailse chíche orthu. Beidh na mílte ó gach cearn den domhan i láthair ann an tseachtain seo chugainn. Níl ach cúpla seisiún traenála fanta anois. Dúradh linn na ‘thermals’ a chaitheamh chun dul i dtaithí ar an teas mór a bheas cinnte in Firenze na hIodáile, mí Iúil.
Is léir nár cheap éinne go mbeadh muid ag sracadh leis an teas in Éirinn i dtosach. Ach cuireann muid seisiún crua isteach le cabhair cuairteora –Yvonne ó Vancouver a thugann roinnt leidí dúinn. Is i Vancouver Ceanada a thosaigh an spóirt seo do lucht ailse- ar ndóigh is spórt ón Oirthear é atá na mílte bliain ar an bhfód.
Cruinniú gairid faoi Firenze, cupán caife sciobtha, isteach sa charr agus siar linn go Conamara. Níl a fhios cá bhfuil ár dtriail ach glacann muid buíochas le ‘Dia na mótarbhealaí’.
Tá an teas ag méadú. Cá bhfuil an cuirtín báistí a chuireann fáilte de ghnáth roimh thaistealaithe agus iad ag trasnú na Sionainne?
Go mall trí Ghaillimh…an bhfuil aon bhealach eile le dul tríd an gcathair sin anois? Ná bí ag súil le turas sciobtha tríd nó timpeall na cathrach. (Is cuimhin liom nuair a pháirceáladh m’athair an carr ar Dhroichead Uí Bhriain. Sea, ar an droichead.)
Seasamh ag Reilig an Choilligh. Beidh an tAifreann sa reilig Déardaoin beag seo agus tá pota plandaí réitithe agam. Chuir mo dheirfiúr ceann eile ann romham. Ach is léir go mbeidh tart ar na plandaí bochta taobh istigh de lá nó dhó. Is mór an mhaith go bhfuil sconna uisce sa reilig.
Picnic beag ar thaobh bhóthar na reilige. Is deas i gcónaí cúpla nóiméad a chaitheamh anseo ag éisteacht leis na héin.
5 pm – tá brothall ceart sa lá anois. Seasamh eile ag an Trá Mhór in Indreabhán agus seans dul ag snámh ann mar go bhfuil an taoille díreach ceart. Anseo a théadh muid ag snámh fadó nuair a bhíodh briseadh ón obair i gComharchumann Chois Fharraige.
Ach ná bíodh aon duine ag súil le seal beag ciúnais. Céard seo? Ceol ard, fear ag béicíl ar mheigeafón, slua mór daoine óga ag caitheamh púdair dhaite orthu féin, ag damhsa ar an trá sula ritheann siad ar fad isteach sa bhfarraige ag an am céanna. Sea, tá scoláirí Choláiste Lurgan ag taifeadadh físe cois cladaigh agus ag ceiliúradh an ‘Holi’. Nach ag na gasúir seo a bheas cuimhní speisialta ar shamhradh 2018?
Sa charr arís agus siar go Ros an Mhíl. Beidh bád ag dul go hInis Meáin ag 6.30pm.
Tá teas millteanach ann fós. Anois, is féidir glaoch ar an mbean tí agus a rá léi go mbeimid ag fanacht léi agus an bhfuil seans ar bith ar dhinnéar freisin? Cinnte, ar mhaith libh gliomach?
Is fánach an áit…
Ní minic gur féidir suí taobh amuigh ar bhád fartha ag dul go hÁrainn. Sula bhfágann an bád Céibh Ros an Mhíl go hiondúil, feicfidh tú daoine ag rith isteach ar an bhfoscadh nuair a bhuaileann an ghaoth aniar aneas iad.
An babhta seo níl puth ann an bealach ar fad go hInis Meáin. Feicim corr-eireabaillín deataigh anseo is ansiúd ar an gcósta – sea, tá na tinte cnámh lasta cheana féin.
Oíche Fhéile Shin Sheáin- meas tú an mbeidh tine chnámh in Inis Meáin?
Leathuair an chloig siúil ón gcaladh go dtí an teach, ag féachaint ar na bláthanna áille a bhíonn amuigh ar an oileán an t-am seo bliana – an Crobh Dearg, an Magairlín, an Rós Fiáin ina measc.
Cé hé seo ag fanacht sa teach lóistín céanna linn ach grianghrafadóir Tuairisc.ie Seán Ó Mainnín. Chas Seán agus mé féin le chéile blianta fada ó shin ar chúrsa iriseoireachta a bhí faoi stiúir Phroinsiais Mhic Aonghusa. Agus thug Proinsias ar cuairt go hInis Meáin muid agus d’fhanamar le Máire agus Páid Ó Maoilchiaráin. Tá Máire ina cónaí fós ann agus deir Seán liom go ndéarfaidh sé léi go dtiocfaidh mé ar cuairt chuici amárach.
Caithfidh mé dul i ngleic leis an ngliomach i dtosach. Is as Guatamala do Vilma, bean an tí agus nuair a chuirim ceist uirthi faoin bpléascadh bolcáin ansin le gairid, éiríonn sí an-bhrónach. ‘Is as an gceantar ina raibh an bolcán, mo chúntóir anseo,’ dúirt sí. ‘Tá a muintir beo, ach chaill siad gach rud.’
10pm – thuas ag an tine chnámh in aice an Dúin, níl an ghrian ach ag dul faoi. An bhfuil sé ina ghrianstad le cúpla lá? De réir mar a théann duine suas ar an ard, éiríonn an ghrian arís. Tá sé ina spraoi ceart thart ar an tine. Tugann bean ‘marshmallow’ dom le róstadh sa tine. Tá Seán ar a bhionda ag glacadh grianghraf. Feiceann muid tinte chuile áit thart orainn- cinn eile in Inis Meáin, in Inis Oírr, ceann nó dhó in Árainn agus tá rollóga deataigh i gContae an Chláir agus i gConamara.
10.30pm – fós geal agus mé ag glacadh pictiúr le cur amach ar Twitter. Tógaim ceann den séipéal agus an deatach ag sníomh a bhealaigh timpeall air. Cinneann sé orm smaoineamh ar rud éigin feiliúnach nó cliste le cur leis. Ach tagann nath cainte ar an bpointe ó Helen Ní Shé i gCiarraí.
‘Idir dhá shaol,’ a deir sí.
Fág freagra ar '24 uair an chloig in ‘A and E’ – Árainn agus Éirinn…'