2,371 cás agus 52 bás eile fógartha, síneadh le cur le srianta

Dheimhnigh an Taoiseach Micheál Martin inniu nach mbeidh aon mhaolú ar shrianta Leibhéal 5 ag tús an earraigh

2,371 cás agus 52 bás eile fógartha, síneadh le cur le srianta

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 52 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. Deimhníodh 2,371 cás nua den ghalar.

1,931 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 214 acusan in aonad dianchúraim, ardú de chúigear ón lá inné.

Bhain 237 de chásanna nua an lae inniu le Corcaigh, bhain 154 cás le Port Láirge, bhain 103 cás le Gaillimh agus bhí 96 cás i gcontae na Mí. 68 cás a bhí i Maigh Eo, 35 cás a bhí i gCiarraí is 32 cás a bhí i nDún na nGall. 1,071 in aghaidh gach 100,000 ráta coicíse an ghalair.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 1,071 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Tháinig laghdú ar an ráta sna contaetha Gaeltachta go léir.

Ráta 1,567.1 a bhí i bPort Láirge, 1,465 a bhí i Maigh Eo 1,002 a bhí i gCorcaigh, 976 a bhí i nDún na nGall agus 967 a bhí i nGaillimh.

Tá ráta scaipthe an ghalair ag 893 i gcontae na Mí agus ráta 580 a bhí i gCiarraí.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt gur bhásaigh 12 duine eile a raibh an galar orthu le lá anuas. 865 cás nua a deimhníodh. Tá 828 othar san ospidéal agus an Covid-19 orthu agus 72 acusan in aonad dianchúraim.

283,495 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 184,279 cás ó dheas den teorainn agus 99,216 cás ó thuaidh di.

4,574 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,870 duine ó dheas den teorainn agus 1,704 duine ó thuaidh di.

Dheimhnigh an Taoiseach Micheál Martin inniu nach mbeidh aon mhaolú ar shrianta Leibhéal 5 ag tús an earraigh, an 1 Feabhra. Dúirt sé chomh maith nach raibh aon phlean ag an Rialtas an teorainn ar an oileán seo a dhúnadh ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí. 

Agus é ag caint ag Tithe an Rialtais, dheimhnigh sé freisin go raibh sé i gceist coraintín éigeantach a thabhairt isteach do phaisinéirí chun na tíre seo nach bhfuil torthaí tástáil PCR acu a dhearbhaíonn nach bhfuil an Covid-19 orthu.

Dé Máirt a bheidh an chéad chruinniú eile ag an Rialtas chun na srianta a phlé ach tugadh le fios go bhféadfaí síneadh míosa ar a laghad leo a chur leo.

“Níl aon duine ag caint ar na srianta a mhaolú ag deireadh na míosa agus déarfainn go leanfar leo i mí Feabhra agus déanfar cúrsaí an víris a athbhreithniú gach ceithre seachtaine,” a dúirt Micheál Martin. 

Pléifear cúrsaí oideachais Dé Máirt, ach dúirt an Taoiseach gurb é an soláthar oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais ar leith acu an tosaíocht is mó atá ag an Aire Oideachais Norma Foley faoi láthair. 

Nuair a ceistíodh é faoi oscailt na scoileanna, dúirt an Taoiseach nár theastaigh uaidh “teacht roimh an bhfochoiste Rialtais ach is léir go bhfuil an ráta scaipthe i bhfad ró-ard faoi láthair. Ar scoileanna speisialta agus ar an oideachas speisialta atá an bhéim anois”. 

Dúirt Patrick Vallance, príomhchomhairleoir eolaíochta na Ríochta Aontaithe go bhféadfadh nach mbeidh vacsaíní chomh héifeachtach i gcoinne na gcineálacha den Covid-19 a thosaigh sa Bhrasaíl agus san Afraic Theas. 

Maidir leis an gcineál a gineadh i Sasana, dúirt Vallance gur dhealraigh sé go raibh sé níos marfaí.

“Tóg mar shampla daoine atá sna 60idí, dá dtolgfadh 1000 acu an seanchineál den víreas, gheobhadh deichniúr acu bás leis. Ach leis an gcineál nua, d’fhéadfadh 13 nó 14 as an 1000 duine sin bás a fháil dá bharr.” 

Bhí rabhadh ag táirgeoirí vacsaín AstraZeneca do thíortha an Aontais Eorpaigh inniu agus iad ag admháil nach bhféadfaidís cloí leis an sceideal seachadta a bhí ceaptha acu agus go mbeadh an líon vacsaíní a chuirfidís ar fáil níos lú ná mar a bhí geallta. 

Fág freagra ar '2,371 cás agus 52 bás eile fógartha, síneadh le cur le srianta'